Foilsithe ar 

Deontas suas le €175,000 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do CLG na Gaeltachta chun páirc nua caide a thógáil i nGallaras, Co. Chiarraí

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (5 Nollaig), go bhfuil deontas suas le €175,000 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do CLG na Gaeltachta, Co. Chiarraí, chun gort nua caide agus carrchlós a thógáil i nGallaras.
Tá maoiniú ceadaithe do Chumann Lúthchleas Gael na Gaeltachta chun páirc nua peile agus carrchlós a thógáil mar gheall nach féidir leis an bpáirc atá acu faoi láthair freastal a dhéanamh ar an éileamh mór atá uirthi. B’éigean don Chumann an pháirc sin a dhúnadh an samhradh seo caite chun an dromchla a shábháil do chluichí móra an Chumainn.
“Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú don Chumann seanbhunaithe seo,” a dúirt an tAire Stáit Kyne. “Tá áiseanna nua ag teastáil go géar ón gCumann le freastal níos fearr a dhéanamh ar fhoirne na bhfear agus na mban, gan trácht ar na gasúir scoile ar fad, na coláistí samhraidh agus na campaí samhraidh. Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl anseo an chéad bhliain eile agus beidh áiseanna den scoth ar fáil do na foirne i gceann de na ceantair is áille sa tír."
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.