Foilsithe ar 

Deontas suas le €18,170 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne chun urlár nua a chur in Ionad Pobail Bhaile Chláir

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (Dé hAoine, 9 Samhain), go bhfuil deontas suas le €18,170 nó 50% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige d’Ionad Fóillíochta Bhaile Chláir le cur ar a gcumas urlár nua adhmaid a chur san ionad pobail imBaile Chláir, Co. na Gaillimhe.

Baintear úsáid mhór as an ionad seo i mBaile Chláir agus is áis thábhachtach í do scoileanna an cheantair, don naíonra agus do na cumainn éagsúla spóirt.  Rinneadh dochar don urlár a bhíodh san ionad de bharr taise cúpla bliain ó shin, agus cinnteoidh an t-urlár nua seo go mbeifear in ann leas iomlán a bhaint as an halla arís ar mhaithe le himeachtaí éagsúla a bhíonn ar bun ann ag muintir na háite.

Is cúis áthais dom a bheith ábalta maoiniú a cheadú don ionad seo,

 a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Is áis thábhachtach í seo don cheantar agus go háirithe do na scoileanna agus tá súil agam go gcuideoidh sé leis an choiste seo a bhfuil páirt ghníomhach á glacadh acu sa phróiseas pleanála teanga ar an Eachréidh.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.