Foilsithe ar 

Deontas suas le €23,605 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Peile an Phiarsaigh, Ros Muc, chun sconsa a thógáil ag an bpáirc

D’fhógair Seán Kyne, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (6 Samhain), go bhfuil deontas suas le €23,605 nó 80% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Peile an Phiarsaigh chun sconsa nua a thógáil ag an bpáirc i Ros Muc, Co. na Gaillimhe.

Tá an maoiniú ceadaithe don choiste chun sconsa féachana nua a thógáil ag an bpáirc peile i Ros Muc. Tá an sconsa adhmaid atá timpeall na páirce faoi láthair lofa agus ní féidir caoi a chur air.

Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú don choiste gníomhach seo,

a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Tá áiseanna spóirt den scoth ar fáil ag Páirc na bPiarsach i Ros Muc agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo leis an choiste chun an pháirc agus an áit mórthimpeall a choinneáil i gcaoi mhaith.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.