Foilsithe ar 

Deontas suas le €33,600 ceadaithe d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne do phost an Chomhordaitheora Gaeilge i bPobalscoil Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2018/2019

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu, 23 Samhain 2018, go bhfuil deontas suas le €33,600 ceadaithe aige d’Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun cur ar a gcumas leanúint le maoiniú phost an Chomhordaitheora Gaeilge i bPobalscoil Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí.

 

Dúirt an tAire Stáit: “Tá tionchar fíorthábhachtach ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne ar bhuanú agus cur chun cinn na Gaeilge sa leithinis. Is beart fónta é seo a léiríonn tiomantas mo Roinne tacú le cur i bhfeidhm rathúil Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 na Gaeilge.”

 

Tá post an Chomhordaitheora Gaeilge sa Phobalscoil á mhaoiniú ag an Roinn ó 2009 ó rinneadh cónascadh ar dhá iar-bhunscoil, ar mhaithe le tacú le cur chun cinn na Gaeilge sa scoil nua.