Foilsithe ar 

Deontas suas le €3,830 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Chomharchumann Thoraí, chun soilse éigeandála agus aláram dóiteáin a shuiteáil i gClub Sóisialta an oileáin

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin,Seán Kyne TD, inniu, 13 Nollaig, go bhfuil deontas suas le €3,830, nó 80% den chostas iomlán, ceadaithe aige do Chomharchumann Thoraí chun soilse éigeandála agus aláram dóiteáin a shuiteáil sa Chlub Sóisialta.
Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas an deontas seo a cheadú don Chomharchumann. “Tá an áis seo thar a bheith tábhachtach do mhuintir Thoraí mar ionad le teacht le chéile go sóisialta agus le himeachtaí a eagrú ann i rith an gheimhridh. Ar ndóigh, is áis thábhachtach an t-ionad seo freisin i rith an tsamhraidh nuair a bhíonn cuairteoirí ar an oileán agus nuair a bhíonn cúrsaí Gaeilge ar bun ann. Tá sé riachtanach go mbeadh áiseanna feiliúnacha agus sábháilte ar fáil do phobail na n-oileán.”
Is faoi réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht, den Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, atá an deontas á cheadú.