Foilsithe ar 

Deontas suas le €40,007 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Chomhairle na Mumhan CLG chun an Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta a chur ar fáil don scoilbhliain 2018/2019

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (17 Nollaig), go bhfuil deontas suas le €40,007 ceadaithe aige do Chomhairle na Mumhan chun cur ar a gcumas an Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta a reáchtáil don scoilbhliain 2018/2019 i scoileanna faoi leith gceantair Ghaeltachta Chiarraí, Chorcaí agus Phort Láirge.
“Is cúis áthais dom a bheith ábalta maoiniú a cheadú do thrí scoil bhreise i gCiarraí Theas don eagraíocht seo don scoilbhliain reatha,” a dúirt an tAire Stáit Kyne. “Tugann seo deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil trí chlár spóirt i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.”
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.20 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.