Foilsithe ar 

Deontas suas le €49,940 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 14 Meán Fómhair, go bhfuil deontas suas le €49,940 ceadaithe aige do CLG Naomh Mhuire, chun cur ar a gcumas uasghrádú a dhéanamh ar a gclubtheach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit McHugh go raibh an-áthas air deontas a chur ar fáil a chuideoidh leo obair thógála agus uasghrádú a dhéanamh ar an bhfoirgneamh.

Cuirfidh na hoibreacha seo ar chumas an Chumainn freastal ar an phobal uile agus beidh áiseanna ar fáil d'achan duine agus iad ag díriú ar Chomórtas Peile na Gaeltachta 2021,

a dúirt an tAire Stáit.

Is i gcomhréir le Gníomh 2.20 den Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi Réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht i bPlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge atá an maoiniú seo á cheadú.

Tá cóip den phlean le fáil anseo.