Foilsithe ar 

Deontas suas le €6,955 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Naíonra an tSeanphobail chun sconsa nua a thógáil ag ionad an naíonra

D’fhógair Seán Kyne T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (17 Nollaig), go bhfuil deontas suas le €6,955 nó 95% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Naíonra an tSeanphobail chun cuidiú leo sconsa nua a thógáil ag ionad an naíonra sa Seanphobal, Co. Phort Láirge.
Cinnteoidh an sconsa nua seo go mbeidh áit shábháilte ar fáil do pháistí chun bheith ag súgradh amuigh faoin aer ag ionad Naíonra an tSeanphobail i Lios na Sióg. Tá an sconsa adhmaid atá ann faoi láthair lofa agus níl sé oiriúnach don láthair. Cinnteoidh an sconsa nua go mbeidh deis ag na páistí leas iomlán a bhaint as an méid is mó ama is féidir amuigh sa ghairdín, faoi mar a mholtar sa churaclam náisiúnta luathbhlianta, Aistear.
“Is cúis áthais dom bheith ábalta an maoiniú seo a cheadú do Choiste Naíonra an tSeanphobail,” a dúirt an tAire Stáit Kyne. “Tá an tábhacht a bhaineann le hoideachas na luathbhlianta aitheanta ag mo Roinnse agus gealltanas tugtha againn sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge go mbeidh muid ag déanamh treisiú sna blianta atá romhainn ar na háiseanna luathbhlianta atá ar fáil do phobal na Gaeltachta.”
Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.24 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.