Foilsithe ar 

Deontas suas le €835 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Choiste Pobail Thuar Mhic Éadaigh chun trealamh cothabhála a cheannach.

D’fhógair Seán Kyne, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu (6 Samhain), go bhfuil deontas suas le €835 nó 50% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Pobail Thuar Mhic Éadaigh le cur ar chumas an Choiste dhá lomaire féir agus dhá struimeálaí a cheannach.

Tá ráite ag an gCoiste go mbeidh an deontas seo ina chúnamh go háirithe agus an Coiste ag iarraidh cúrsaí turasóireachta a fhorbairt sa cheantar agus go mbeidh ábhar an deontais chun tairbhe réimse leathan daoine, e.g. rannpháirtithe na Scéime Sóisialta Tuaithe, muintir an cheantair féin agus na turasóirí a thagann ar chuairt chuig an gceantar.

Dar ndóigh, tá mo Roinnse ag obair i gcaitheamh an ama i dtreo a chinntiú go bhfuil comhtháthú ann idir eagraíochtaí áitiúla, feidhmiú na bpleananna teanga agus feidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022,

a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Is sa chomhthéacs sin gur thapaigh muid an deis an comhtháthú seo a dhaingniú i leith Choiste Pobail Thuar Mhic Éadaigh. Tá súil agam go mbeidh an deontas seo ina chuidiú don choiste agus páirt ghníomhach á glacadh acu sa phróiseas pleanála teanga agus sna gnáthghníomhaíochtaí agus imeachtaí a bhíonn idir lámha acu fosta.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.