Foilsithe ar 

Deontas suas le €8,249 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Ghairdín Cuimhneacháin Leitir Móir

D’fhógair Seán Kyne, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu 31/10/2018 go bhfuil deontas suas le €8,249 nó 75% den chostas iomlán, cibé acu is lú, ceadaithe aige do Choiste Gairdín Cuimhneacháin Leitir Móir chun bailchríoch a chur ar an ngairdín cuimhneacháin le taobh Shéipéal Leitir Móir.

Tá gairdín beag tógtha ag an gcoiste deonach seo le taobh Shéipéal Leitir Móir ag Droichead Charraig an Logáin, áit a bhfuil comhartha aitheanta turasóireachta Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tá obair go leor déanta ag an gcoiste go deonach ar an áit cheana féin agus úsáid bainte acu as airgead a bhailigh siad go háitiúil. Is féidir siúl timpeall agus taitneamh a bhaint as na radharcanna agus as an ngairdín féin, nó suí síos go ciúin sa chiorcal cuimhneacháin. Is spás atá ann do mhuintir an cheantair agus do thurasóirí chun teacht agus a bheith ag machnamh go ciúin nó a bheith ag glacadh páirt in ócáidí a eagraíonn an pobal agus na scoileanna áitiúla ó thráth go chéile. Tá an gairdín leagtha amach sa chaoi is go bhfuil an radharc ar an bhfarraige frámáilte acu le hobair chloiche ó shaortha áitiúla.


Tá an-áthas orm an deontas seo a cheadú chun gur féidir an obair ar an ghairdín a chríochnú,

a dúirt an tAire Stáit Kyne.

Tá obair ar dóigh déanta ag an choiste seo cheana féin agus tá súil agam go gcuideoidh an maoiniú seo leo bailchríoch a chur ar an áis luachmhar seo anois.


Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi ghníomh 2.22 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.