Foilsithe ar 

Deontas €25,806 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do CLG Carna/ Caiseal

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 6 Iúil, go bhfuil deontas de €25,806 ceadaithe aige do CLG Carna/Caiseal chun cur ar a gcumas oibreacha feabhsúcháin agus sábháilteachta a chur i gcrích ar charrchlós CLG Carna/Caiseal.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCumann an togra seo a chur i gcrích.

Cuireann CLG Carna /Caiseal áiseanna den scoth ar fáil do mhuintir an cheantair. Tuigim an tábhacht a bhaineann leis an obair ata beartaithe acu ó thaobh cúrsaí sábháilteachta de.

Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht sa Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.