Foilsithe ar 

Deontas €2,062 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do CLG An Spidéil

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 6 Iúil, go bhfuil deontas de €2,062 ceadaithe aige do CLG An Spidéil chun cur ar a gcumas eangacha úra a thógáil ag an bpáirc peile.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air an cúnamh seo a chur ar fáil don chumann gníomhach seo. Dúirt sé go mbeadh na háiseanna curtha ar fáil do mhuintir an cheantair agus go gcuideoidh an deontas seo le caighdeán na n-áiseanna.

Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.