Foilsithe ar 

Deontas €36,496 ceadaithe do Chomhairle na Mumhan CLG chun an Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta a chur ar fáil ar son na Roinne don scoilbhliain 2017/2018

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go bhfuil deontas suas le €36,496 ceadaithe aige don Chumann Lúthchleas Gael - Comhairle na Mumhan chun cur ar a gcumas an Scéim Oiliúna Peile agus Iománaíochta a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018 i scoileanna faoi leith i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Mhúscraí agus na nDéise.

Dúirt an tAire Stáit gur cúis sásaimh dó é go bhfuil a Roinn ábalta an cúnamh seo a chur ar fáil do Chomhairle na Mumhan chun deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chur ar fáil trí chlár spóirt i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna faoi leith sna ceantair Ghaeltachta áirithe seo. “Mar gheall ar an obair iontach atá ar bun ag Comhairle na Mumhan faoin scéim seo le blianta anuas, tá an deis tugtha d’aos óg na Gaeltachta an Ghaeilge atá acu a úsáid agus a shaibhriú i dtimpeallacht siamsaíochta an spóirt,” a dúirt an tAire Stáit.

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-allúntas seo á cheadú.