Foilsithe ar 

Deontas €5,756 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Chumann Traenach na Gaeltachta Láir, Co. Dhún na nGall, chun deisiúcháin agus obair chothabhála a dhéanamh ar uirlis stairiúil de chuid an Chumainn - carr iarnróid 18

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, Dé Céadaoin 11 Iúil, go bhfuil deontas de €5,756 ceadaithe aige do Chumann Traenach na Gaeltachta Láir chun cur ar a gcumas deisiúcháin agus obair chothabhála a dhéanamh ar uirlis stairiúil de chuid an Chumainn - carr iarnróid 18.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an gCumann an togra seo a chur i gcrích.

“Tá an tseirbhís a chuirtear ar fáil an-tábhachtach mar áis ar leith, ní amháin do mhuintir an cheantair, ach do thurasóirí ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin freisin.”


Is faoin réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.