Foilsithe ar 

Deontas €69,196 ceadaithe do Mhuintearas Teo. chun clár aclaíochta agus spóirt a sheachadadh ar son na Roinne don scoilbhliain 2017/2018

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu (Déardaoin) go bhfuil deontas suas le €69,196 ceadaithe aige do Mhuintearas Teo. chun cur ar a gcumas clár aclaíochta agus spóirt a reáchtáil don scoilbhliain 2017/2018 i 17 mbunscoil i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt an tAire Stáit “Tríd an chlár aclaíochta agus spóirt seo atá á riaradh ag Muintearas, tugtar tacaíocht bhreise do na scoileanna atá páirteach sa chlár chun deiseanna breise sealbhaithe agus saibhrithe teanga a chruthú do pháistí. Is beart praiticiúil é dá réir, atá ag tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta araon”.

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-airgead seo á cheadú.

Nóta don eagarthóir
Is iad na bunscoileanna a leanas atá mar chuid den chlár:

Bunscoil
Scoil Náisiúnta Cholm Cille, Leitir Móir
Scoil Náisiúnta Rónáin, An Trá Bháin
Tigh Nan Dooley, An Cheathrú Rua
Scoil Mhuire, An Tuairín, An Cheathrú Rua
Scoil Náisiúnta Mhic Dara, An Cheathrú Rua
Scoil Náisiúnta an Ard Mhóir,
Scoil Náisiúnta Muire Gan Smál, Camus
Scoil Náisiúnta Mhuire, Turlach Beag, Rosmuc
Scoil Náisiúnta na hAirde Thiar
Scoil Náisiúnta Briocáin, An Gort Mór
Scoil Náisiúnta Naomh Ciaráin, Cill Chiaráin
Scoil Náisiúnta Mhuire, Carna
Scoil Mhuire, Corr na Mona
Scoil Náisiúnta Sailearna, Indreabhán
Scoil Náisiúnta Coilm Cille, Ros a' Mhil
Scoil Náisiúnta na bhforbacha, Na Forbacha
Scoil Náisiúnta Choilm Chille, An Tulach