Foilsithe ar 

Deontas €7,472 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, chun tancaer uisce a cheannach

D’fhógair Joe McHugh T.D.,  Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don  Ghaeltacht agus na hOileáin, inniu, 12 Meán Fómhair, go bhfuil deontas de €7,472 ceadaithe aige do Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála na Gaillimhe, An Cheathrú Rua, chun cur ar a gcumas tancaer uisce a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh sé sásta go raibh ar a chumas cuidiú leis an tSeirbhís Dóiteáin agus Tarrthála an togra seo a chur i gcrích.

Níl aon tancaer uisce i gceantar dheisceart Chonamara agus an ceann is cóngaraí lonnaithe i stáisiún na Gaillimhe nó sa Chlochán. Dá bhrí sin, is ar leas an phobail a bheidh ábhar an deontais ó thaobh cúrsaí sláinte agus sábháilteachta de, go háirithe.

Is faoi réimse gnímh An Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.