Foilsithe ar 

Déanann an Taoiseach agus an tAire Fitzgerald ceiliúradh ar na ‘16 Lá Gníomhaíochta’ chun feasacht a mhúscailt ar fhoréigean inscnebhunaithe An 25 Samhain 2014

Rinne an Taoiseach Enda Kenny, T.D. agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Frances Fitzgerald, T.D., ceiliúradh inniu ar thús na ‘16 Lá Gníomhaíochta’ chun feasacht a mhúscailt ar fhoréigean inscnebhunaithe.        

Feachtas idirnáisiúnta atá san Fheachtas 16 Lá ar cuireadh tús leis i 1991. Beidh an Feachtas ar siúl ón 25 Samhain, Lá Idirnáisiúnta na NA um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan, go dtí an 10 Nollaig, Lá um Chearta an Duine.        

Luaigh an Taoiseach: Cáinim gach foirm d’fhoréigean teaghlaigh agus gnéasach. Mar shochaí, is gá dúinn oibriú chun aon ghlacadh cultúrtha leis an bhforéigean seo, nó aon neamhaird a thabhairt don fhoréigean seo a chomhrac i ngach cuid dár sochaí. Níl aon ‘íospartach tipiciúil’, nó ‘cás tipiciúil’ ann. Fadhb chasta is ea foréigean in aghaidh ban agus tá go leor saghsanna de i gceist.”

“Iarraim ar gach duine, fir go háirithe, chun tacú leis na mná atá ina saol, páirtnéirí, máithreacha, deirfiúracha agus cairde san áireamh, má nochtann siad gurb íospartaigh iad de chuid foréigean teaghlaigh nó gnéasach.”

“Is gá dúinn leanúint lenar n-iarrachtaí a dhéanamh chun dul i gcion ar mheonta agus iad a athrú. Tá sé de rún ag an Rialtas seo Straitéis Náisiúnta nua a thabhairt isteach ar fhoréigean teaghlaigh agus gnéasach a thiocfaidh in ionad na chéad straitéise a bhí ar bun ó 2010 go 2014.”        

Luaigh an tAire Fitzgerald: “Is minic dom an tuairim a nochtadh go bhfuil foréigean inscnebhunaithe agus gnéasach ar cheann de na heispéiris is milltí daonna dá bhfuil ann. Is í an fhírinne shearbh nach n-imíonn an saghas seo foréigin. Fanann sé mar smál dorcha ar ár ndaonnacht.”        

“Chomh maith leis sin, thacaigh mé go comhsheasmhach leis an ngá go n-oibreodh gach duine lena chinntiú nach gcuirtear isteach ar amhras nó buarthaí a chur in iúl trí aon bhacainn a leagan, aon dóbartaíl a dhéanamh, nó aon amhras a bheith ar dhuine, i gcás tarlú nó riosca go dtarlódh aon drochíde ghnéasach, theaghlaigh nó inscnebhunaithe.”        

“Fáiltím roimh na ‘16 Lá Gníomhaíochta’ mar dheis thráthúil chun feasacht a mhúscailt ar olcas an fhoréigin inscnebhunaithe agus an gá atá leis go gcuirfidh gach duine a bhfuil buarthaí acu maidir leis an bhforéigean sin a mbuarthaí in iúl do na húdaráis shibhialta.”  

D’athdheimhnigh an tAire Fitzgerald a tiomantas do chur chuige na hÉireann a threisiú go huileghabhálach i leith cosc a chur ar gach foirm d’fhoréigean teaghlaigh agus gnéasach agus freagairt dóibh.        

Luaigh an tAire: “Tá sé beartaithe agamsa dréacht-cheannteidil Bhille chomhdhlúite agus leasaithe um Fhoréigean Baile a fhoilsiú san Athbhliain chun dul i ngleic le gach gné d’fhoréigean teaghlaigh, foréigean faoi bhagairt agus imeaglú.”      

Mhínigh an tAire go leagfaidh an Bille nua seo, mar aon leis an Straitéis nua ar fhoréigean teaghlaigh agus gnéasach, an bealach amach ina ndaingneoidh Éire Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Fhoréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh a Chosc agus a Chomhrac, ar a dtugtar Coinbhinsiún Iostanbúl go coitianta.      

   Dúirt an tAire, chomh maith: “ba cheart go meabhródh  feachtas na ‘16 Lá Gníomhaíochta’ dúinn an gá atá leis an íospartach a shuíomh ag croílár ár mbeartas maidir le foréigean a chomhrac, mar aon leis an íospartach a shuíomh ag lár ár gcórais dlí agus chirt.”    

  “Tá sé de chuspóir agam reachtú a dhéanamh ar mhaithe le cearta íospartach agus a chinntiú go gcuirtear Treoir Íospartach an AE i bhfeidhm in Éirinn in 2015.”          

   Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Fitzgerald go mbeidh fógra breise á dhéanamh aici an tseachtain seo maidir le Ceannteidil Bhille nua um Chionta Gnéasacha.