Foilsithe ar 

Díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 fógartha ag an Aire Stáit McHugh

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., inniu (20 Samhain 2015) go bhfuil sé beartaithe díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a reáchtáil.

Dúirt an tAire Stáit: “Is í an aidhm atá leis an díospóireacht oscailte ar pholasaí faoin Straitéis ná breathnú siar ar an méid atá déanta faoin Straitéis le cúig bliana anuas agus breathnú chun tosaigh ar na tosaíochtaí faoin Straitéis don tréimhse cúig bliana atá romhainn. Mar thoradh ar an díospóireacht oscailte, beifear ag súil na príomhthosaíochtaí stráitéiseacha don tréimhse cúig bliana ó 2016 ar aghaidh a aithint agus a fhoilsiú."

Tá sé i gceist na hócáidí seo a leanas a eagrú mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí:

· Cruinnithe Gaeltachta a bheidh dírithe ach go háirithe ar chur i bhfeidhm praiticiúil an phróisis pleanála teanga faoi Acht na Gaeltachta 2012. Beidh na cruinnithe Gaeltachta ar siúl in Indreabhán, Co. na Gaillimhe (Dé Máirt 24 Samhain), Cill Airne, Co. Chiarraí (Déardaoin 26 Samhain) agus i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall (Dé Máirt 1 Nollaig).

· Comhdháil i mBaile Átha Cliath (Dé Céadaoin 9 Nollaig) a bheidh dírithe ar na réimsí gnímh atá sonraithe faoin Straitéis, ach go háirithe oideachas, an Ghaeltacht, an teaghlach, seirbhísí poiblí, na meáin chumarsáide agus an teicneolaíocht.

Mar chuid den díospóireacht oscailte ar pholasaí, tá plépháipéar foilsithe ar shuíomh na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Cuirfear fáilte roimh aighneachtaí faoin bplépháipéar ach iad a chur chuig an Roinn faoin 18 Nollaig.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag:
http://www.ahg.gov.ie/ga/gaeltacht/20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/open-policy-debate-on-the-20-year-strategy-for-the-irish-language-2010-2030/

CRÍOCH