Foilsithe ar 

Éire i mbun Taibhithe feicthe ag os cionn 120K sa chéad tseachtain

23 ealaíontóir as Éirinn i mbun taibhithe beo ar Facebook i dtionscnamh Chultúr Éireann a leanfaidh ar aghaidh ar feadh 3 seachtaine eile

Bhí os cionn 120,000 duine ag féachaint ar an gcéad tseachtain d'Éire i mbun Taibhithe, tionscnamh Chultúr Éireann na Roinne le Facebook Ireland a thacaíonn le healaíontóirí as Éirinn a saothair a chur os comhair lucht spéise ar fud an domhain.

Trí thaispeántas is fiche atá déanta ag ealaíontóirí ar fud na tíre, ó Dhún na nGall go Ciarraí agus ó Lú go Corcaigh. sna chéad ocht lá.  I measc na n-amhránaithe agus na gceoltóirí a thug faoin stáitse ar an scáileán go dtí seo bhí Mick Flannery, John Spillane, Aoife Scott agus Sharon Shannon.  Áiríodh ar na buaicphointí an seisiún ceoil a rinne an ceoltóir den scoth ar an gconsairtín, Cormac Begley, agus é i mbun ceoil ina veain champála ar leithinis Chorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí, bhreathnaigh os cionn 44,000 duine ar an taispeántas sin, agus Diane Ní Chanainn ag gabháil fhoinn ar thrá aoibhinn i dtuaisceart Dhún na nGall.

Bhí a mbealach féin ag gach ealaíontóir lena dtaispeántas a chur os ár gcomhair agus iad á shruthú ó áit dá rogha féin, Aoife Scott óna seid, Gerry O'Connor óna cheardlann veidhlín agus Aindreas de Staic ó shiopa ceardaíochta Inis Díomáin. Bhí daoine ag féachaint ar líne ón Astráil, ón Tasmáin, ón tSeapáin, ó ar fud na hEorpa agus ó na Stáit Aontaithe agus lean líon na ndaoine a bhreathnaigh ar na taispeántais ag ardú fiú nuair a bhí an taispeántas beo thart.

Tá os cionn 350 iarratas faighte maidir leis an scéim go dtí seo, a seoladh an 3 Aibreán, mar chuid de fhreagra na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar ghéarchéim COVID-19. Leanfar le hÉire i mbun Taibhithe go ceann trí seachtaine eile ar a laghad agus cuid d'aos dána den scoth na tíre ag cur a gcuid saothar os ár gcomhair, amharclannaíocht, na hamharcealaíona, an focal labhartha chomh maith le ceol ina measc.

Chuir an tAire Josepha Madigan fáilte roimh chomh maith is atá ag éirí leis an tionscnamh agus dúirt

Is iontach an rud é an moladh mór atá saothair go leor d'ealaíontóirí na tíre ag fáil ó mhuintir na hÉireann agus ón bpobal idirnáisiúnta. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na healaíontóirí a bhfuil a saothair roinnte acu linn go dtí seo.

Ta a fhios againn go bhfuil géarchéim COVID-19 ag cur an-srus ar ealaíontóirí agus go bhfuil sé ag tabhairt dúshláin dóibh mar go bhfuil ceolchoirmeacha curtha ar ceal agus laghdú tagtha ar an teacht isteach atá acu nó go bhfuil an teacht isteach sin caillte ar fad acu mar thoradh air sin. Níl anseo ach ceann den réimse tionscnamh atá ann chun tacú le healaíontóirí agus is féidir sonraí ar na tacaíochtaí ar fad a fháil ar láithreán gréasáin na roinne.

Is féidir sonraí maidir le himeachtaí na seachtaine seo chugainn a fháil ar láithreán gréasáin Chultúr Éireann agus áirítear orthu sin taispeántais ag am lóin ó Inni-K, Ger Wolfe and Darragh Morgan agus Mary Dullea. Beifear ábalta saothar ó ealaíontóirí ar nós Nuala Kennedy, Aoife Nessa Frances agus Oisín Mac Diarmada agus Samantha Harvey a fheiceáil thart ar am tae agus tráthnóna beidh ceol rac ó True Tides, Shane Hennessy agus Thumper againn.

Is féidir leat na taispeántais ar fad a fheiceáil ar leathanach Facebook Chultúr Éireann ANSEO.

Tá ealaíontóirí agus daoine atá ag obair in earnáil na n-ealaíon i dteideal iarratas a dhéanamh ar réimse tacaíochtaí rialtais a tugadh isteach nuair a thosaigh an ghéarchéim, Sochar Dífhostaíochta Phaindéim COVID-19 ina measc. Chun na sonraí ar fad a fháil téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne ANSEO.