Foilsithe ar 

Fáilte á cur ag an Aire Humphreys roimh Dheiseanna Gairmréime do Ghaeilgeoirí san AE

Tá fáilte curtha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., roimh an bhfógra ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) go mbeifear ag reáchtáil dhá chomórtas chun Gaeilgeoirí a earcú do phoist in institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. 

Agus í ag cur fáilte roimh an bhfógra do na comórtais seo, dúirt an tAire Humphreys:

Tá an-áthas orm go bhfuil comórtais fógartha ag EPSO do Chúntóirí Teanga le Gaeilge agus d’Aistritheoirí chun dul i mbun oibre in Institiúidí an AE.  Is deis iontach í seo do Ghaeilgeoirí a bhfuil suim acu deiseanna a thapú in institiúidí an AE ó tharla go mbainfidh an dream a n-éireoidh leo an-tairbhe as a bheith ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha agus ilteangach atá forásach agus spreagúil.”

Dúirt an tAire freisin go bhfuil an fhéidearthacht ann anois, mar thoradh ar an gcomhaontú a dtángthas air le déanaí sa Chomhairle, go mbeidh deiseanna luachmhara gairmréime ar fáil in institiúidí an AE do Ghaeilgeoirí sna blianta beaga atá amach romhainn.  Chun an bealach a réiteach d’iarrthóirí a bheidh cáilithe go cuí do na comórtais seo agus do chomórtais amach anseo, leanfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí Gaeilge tríd an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge.

Nóta do na hEagarthóirí

Tá EPSO, an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, ag lorg iarratais don chéad cheann de na comórtais seo, Cúntóirí Teanga le Gaeilge, go dtí an 31 Bealtaine 2016.  Cuireann Cúntóirí Teanga, le Gaeilge mar chéad teanga, cúnamh teangeolaíoch agus riaracháin ar fáil do na seirbhísí teanga agus dlítheangeolaíochta sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.  Beidh 14 post le líonadh in 2016 agus beidh a bhformhór lonnaithe i Lucsamburg. Tá na poist oscailte d’iarratasóirí a bhfuil cáilíocht tríú leibhéal acu nó cáilíocht dara leibhéal le taithí chuí riaracháin trí bliana acu.  Tá líofacht Ghaeilge le Béarla, Fraincis nó Gearmáinis mar dhara teanga ag teastáil.  Tosaíonn an scála tuarastail do na poist seo ag €2,675 in aghaidh na míosa agus méadaíonn sé go €3,027.  D'fhéadfadh go mbeadh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo incháilithe chun liúntais bhreise a bhaint amach freisin ag brath ar a gcúinsí pearsanta.

Beifear ábalta iarratais a dhéanamh ar an dara comórtas, Aistritheoirí Gaeilge, idir an 9 Meitheamh go dtí an 12 Iúil 2016.  D’fhéadfaí suas le 62 post a bheidh lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a líonadh as an gcomórtas sin. Beidh an comórtas sin oscailte do chéimithe ollscoile (lena n-áirítear iad siúd a bhainfidh céim amach roimh an 31 Iúil 2016) a bhfuil ardscileanna teanga acu nó céim san aistriúchán.  Beidh ar iarrthóirí sárthuiscint a bheith acu ar an nGaeilge agus eolas cuimsitheach ar dhá theanga oifigiúla eile den AE ar a laghad (lena n-áirítear Béarla, Fraincis nó Gearmáinis).  Tosaíonn an scála tuarastail do na poist seo ag €4,384 agus méadaíonn sé go €4,960.  D'fhéadfadh go mbeadh na hiarrthóirí a n-éireoidh leo incháilithe chun liúntais bhreise a bhaint amach freisin ag brath ar a gcúinsí pearsanta.

Bhunaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge in 2006 mar fhreagra ar an riachtanas sainaitheanta go méadófaí líon na gcéimithe le scileanna i réimsí sonracha i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus oibre de chuid an AE.  Mar thoradh ar athbhreithniú ar an Tionscnamh in 2015, socraíodh go ndíreofaí acmhainní ar oiliúint chéimithe chun iad a ullmhú d’fhostaíocht in institiúidí an AE.  Tá soláthar daoine cáilithe le scileanna Gaeilge, chun freastal ar riachtanais earcaíochta, á bhaint amach tríd an dtionscnamh seo.  Faoin tionscnamh, cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do réimse sainchúrsaí Gaeilge tríú leibhéal in Éirinn - i réimsí ar nós aistriúchán, ateangaireacht agus dlí. Tá an ciste á riar ag an Roinn i gcomhar leis an Údarás um Ard-Oideachas.