Foilsithe ar 

Fáilte á cur ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha, Seán Kyne T.D., roimh Infheistíocht agus Forbairt i gceantair Ghaeltachta ag seoladh Fíorú Acmhainneacht na Tuaithe - Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

Chuir Seán Kyne T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Nádúrtha sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, fáilte inniu (23/01/17) roimh fhoilsiú Fíorú Acmhainneacht na Tuaithe - Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe a sheol an Taoiseach, Enda Kenny T.D., i mBaile Uí Mhatháin, Co. an Longfoirt.

“Leis an bPlean Gníomhaíochta seo, curtha le chéile ag an Rialtas, tacaítear go mór le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta i ngach pobal tuaithe. Ina theannta sin, cuirtear béim sa Phlean ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíocht agus forbairt i dturasóireacht Ghaeilge-bhunaithe agus acmhainní nádúrtha i gceantair Ghaeltachta.”

Mar an tAire ar a bhfuil freagracht as Gnóthaí Gaeltachta agus Acmhainní Daonna araon, dúirt an tAire Stáit Kyne:

“Aithnítear sa Phlean seo tábhacht na Gaeilge mar phríomhacmhainn i bpobail Ghaeltachta agus pobail tuaithe eile. Tacaím ach go háirithe leis an infheistíocht i dturasóireacht Ghaeilge-bhunaithe sa Ghaeltacht lena gcuirfear áiseanna foghlama ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gcampaí samhraidh agus ionaid phobail, agus trí scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil in institiúidí 3ú leibhéal.

“Tá lúcháir orm freisin gealltanas Údarás na Gaeltachta a fheiceáil tacú le 1,500 post i gcliantchuideachtaí sa Ghaeltacht faoi 2020 agus an gealltanas ceithre mol nuálaíochta a fhorbairt chun tacú le fiontraíocht agus cuideachtaí nuathionscanta i Réigiúin na Gaeltachta. ”