Foilsithe ar 

Fáilte á fearadh ag an Aire Madigan roimh oscailt an Fholacháin Éanbhreathnóireachta ar Oileán an Harpúraigh, Co. Chorcaí

Rinne an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., comhghairdeas inniu leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Comhairle Contae Chorcaí, Cairde Éanlaith Éireann agus Cumann Pobail an Ghleanntáin as a gcuid oibre leis an bhFolachán Éanbhreathnóireachta ar Oileán an Harpúraigh a oscailt.

Glacfaidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta úinéireacht ar Oileán an Harpúraigh agus déanfar tuilleadh forbartha air, le caomhnú an dúlra agus an t-oideachas mar thosaíochtaí.

Tá Oileán an Harpúraigh mar chuid de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta/Limistéar faoi Chosaint Speisialta/Limistéar Oidhreachta Nádúrtha molta Chaol an Oileáin Mhóir.  Tá sé fíorthábhachtach d’éin uisce gheimhrithe, agus tacaíonn na réileáin idirthaoideacha atá déanta de láib bhog le raon maicrinveirteabrach.   Éilítear ar Éirinn, faoi théarmaí Threoir an AE maidir le hÉin (2009/147/CE), Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LCSanna) a ainmniú le speicis éin fhiáin i mbaol a chosaint, agus tarraingíonn na bogaigh seo líon mór éan imirceach gach bliain. 

Is gnáthóg uathúil é seo a bhfuil tábhacht mhór caomhantais ag baint leis. Leis an bhfolachán éanbhreathnóireachta cuirfear áit féachana ar fáil d'fhairtheoirí éan le blaiseadh a fháil de chuid den 50 speiceas d’éin imirceacha atá le fáil sa cheantar.

D’oscail an tAire Stáit David Stanton agus Comhairle Contae Chorcaí an áis inniu.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit David Stanton:

“Mar an bhforas reachtúil le freagracht as caomhnú an dúlra, is cúis bróid don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é úinéireacht a ghlacadh ar Oileán an Harpúraigh agus é a fhorbairt tuilleadh le caomhnú an dúlra agus an t-oideachas mar phríomhthosaíochtaí.  Déanfar an obair sin i gcomhar le Comhairle Contae Chorcaí."