Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Catherine Martin roimh an bhfógra atá déanta ag Fís Éireann maidir le hinfheistíocht léiriúcháin agus forbartha i maoiniú Drámaí Teilifíse mar chuid de Phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil

D'fhógair Fís Éireann sonraí maidir le réimse infheistíochtaí léiriúcháin agus forbartha mar chuid den mhaoiniú €3m atá faighte mar chuid de Phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil. Mar chuid den chéad leithdháileadh, tá €0.9m bronnta ar chúig thionscadal dráma Teilifíse  agus beifear ag súil go gcuirfear tús leis an léiriúchán i nGaillimh, i gCorcaigh agus i Luimneach faoi dheireadh na bliana 2020. Chomh maith leis sin d'fhógair Fís Éireann go gcuirfeadh sé maoiniú ar fáil do roinnt comhthionscnaimh forbartha i gcomhar le craoltóirí Éireannacha lena n-áirítear RTÉ, Virgin Media TV agus TG4.

 

Ar maidin dúirt an tAire Martin:

 

Mar chuid de phacáiste Spreagtha Post mhí Iúil, bhí ríméad orm a bheith ábalta maoiniú €3m a leithdháileadh do Fís Éireann chun tacú le maoiniú drámaí Teilifíse. Bhí an-tóir ag lucht féachana ar fud an domhain mhóir le gairid ar ‘Normal People’ agus forbraíodh agus léiríodh in Éirinn agus a fuair maoiniú ó Chiste Drámaíochta Teilifíse Fhís Éireann i dtréimhse dheacair don earnáil closamhairc agus ba léiriú é sin ar na daoine cumasacha cruthaitheacha atá againn in Éirinn. Le Plean Gníomhaíochta Closamhairc an Rialtais, aithnítear na deiseanna sa réimse drámaíochta Teilifíse agus cuirfidh an maoiniú breise seo deiseanna fostaíochta, tacaíocht agus spreagadh ar fáil chun an earnáil sin a mhéadú. 

 

Chomh maith leis sin, tá ríméad orm scaipeadh tíreolaíoch na ndámhachtainí a fuair maoiniú ó Fhís Éireann a lua. Gné thábhachtach í leathnú an tionscail closamhairc lasmuigh de na príomh-mhoil léiriúcháin rud a  bhaineann le leathnú na hearnála closamhairc agus fostaíocht ardchaighdeáin a chur ar fáil sna ceantair. Tugadh an cuidiú d'fhorbairt réigiúnach scannán isteach anuraidh mar chuid d'alt 481 atá leagtha amach le borradh a chur faoi chúrsaí léiriúcháin ar fud na tíre agus linnte de dhaoine cumasacha a chruthú, agus tá ríméad orm go bhfuil tuilleadh spreagtha á thabhairt don aidhm sin agus Fís Éireann ag fógairt a chéad bhabhta maoinithe inniu. 

 

D'fhógair Fís Éireann inniu chomh maith go bhfuil Acadamh chun Daoine Cumasacha Nua a Fhorbairt don léiriú drámaíochta agus a bhfuil script leis le seoladh go luath. Beidh sin comhdhéanta de chiste €0.6 milliún agus díreoidh ar dhaoine cumasacha a fhorbairt de réir réigiúin, daoine cumasacha atá ag teacht chun cinn a fhorbairt agus daoine cumasacha iléagsúla a fhorbairt, agus cuirfidh sin tuilleadh leis an sprioc fás réigiúnach agus deiseanna oibre san earnáil a fhorbairt i ndeireadh na dála.