Foilsithe ar 

Fáilte curtha ag an Aire Madigan agus ag an Aire Donohue roimh Rialacháin nua maidir le Scannáin chun tacú le tuilleadh forbartha san earnáil closamhairc

Chuir an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan TD agus an tAire Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD fáilte inniu roimh rialacháin nua maidir le scannáin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim, atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt d'fhorbairt réigiúnach níos leithne san earnáil closamhairc in Éirinn. 

Beidh an Cuidiú d'Fhorbairt Réigiúnach Scannán, a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2019, ar fáil do léiriúcháin a dhéanfar den chuid is mó i 'réigiúin fóirithinte' ar ionann iad is ceantair a ainmnítear dá réir faoin mhapa réigiúnach cúnaimh. Chomh maith leis sin, chun bheith i dteideal an faoiseamh a fháil, iarrfar ar chuideachtaí léiriúcháin a léiriú go gcuirfear oiliúint agus deiseanna forbartha scileanna ar fáil do dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu sa cheantar agus go rachaidh oiliúint den chineál sin i ngleic leis an easpa scileanna sa cheantar.  Cuirfear deireadh leis an gcuidiú réigiúnach ar bhonn cisealaithe thar 4 bliana a mbeidh 5%  creidmheas cánach breise ar fáil i 2019 agus 2020, 3% in 2021, 2% in 2022, ag laghdú go dtí 0% ó bhliain 2023 ar aghaidh.

Tá cead faighte ón gCoimisiún Eorpach chun síneadh a chur le creidmheas cánach Scannán Alt 481. Cuirfear síneadh 4 bliana go dtí an 31 Nollaig 2024 ón dáta críochnaithe bunaidh 31 Nollaig 2020 leis an gcreidmheas.   Tabharfar leis sin cinnteacht do chuideachtaí léiriúcháin maidir le teacht ar chreidmheas amach anseo agus cuidíonn sin lena chinntiú go leanfar le hearnáil scannánaíochta na hÉireann a threisiú.

Dúirt an tAire Madigan, "Is céimeanna tábhachtacha iad an dá bheart seo chun tacú le mórchuspóir an Rialtais Éire a bheith ina mol domhanda maidir le léiriú scannán, drámaíocht teilifíse agus anamúlacht.Tacóidh na rialacháin nua seo le tallainn ildánach in Éirinn, agus cabhróidh sé le forbairt  earnála closamhairc ildánach ar fud na tíre. Le síneadh ar Alt 491 tugtar cinnteacht do chuideachtaí léiriúcháin maidir le teacht a bheith ar an gcreidmheas amach anseo chomh maith le forbairt leanúnach in earnáil scannánaíochta na tíre a chinntiú. Tá sé ar cheann de na príomh-mholtaí sa Phlean Gníomhaíochta Closamhairc, an plean fadtéarmach don tionscal ar fad, faoin gClár Éire Ildánach. “

“Tá bearta sa Chuidiú Réigiúnach a chuireann ceangal ar chuideachtaí léiriúcháin lena chinntiú go gcuirtear béim ar oiliúint agus forbairt scileanna ina gcuid tionscadal, lena chinntiú go rachaidh an ghníomhaíocht bhreise seo chun tairbhe earnáil scannánaíochta na hÉireann go ceann roinnt mhaith blianta tar éis na léiriúcháin sin a chur i gcrích.”

Ag cur fáilte roimh an gcead ón gCoimisiún Eorpach, dúirt an tAire Donohue, "tacóidh an dreasú seo le tallann nua, áitiúil a fhorbairt i gceantair lasmuigh de na príomhmhoil léiriúcháin reatha. Cuideoidh sin le scaipeadh na hearnála closamhairc a mhéadú go tíreolaíoch in Éirinn agus leis an gcuspóir foriomlán cultúir tionscal closamhairc inbhuanaithe láidir a bheith in Éirinn."

Nótaí d'eagarthóirí

Leis na Rialacháin maidir le Scannáin 2019 arna ndéanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim (Cuidiú D'Fhorbairt Réigiúnach) (Leasú), le toiliú ón Aire Airgeadais agus ón Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, i gcomhar leis an Ordú um Thosach Feidhme (An tAcht Airgeadais 2018 (alt 26) (Tosach Feidhme) (Uimh. 2) Ordú 2019), tugtar éifeacht do thosach feidhme na bhforálacha a bhaineann leis an gcuidiú Réigiúnach a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2019.

Is féidir eolas maidir le treoirlínte i leith cúnamh stáit do réigiúin agus an mapa réigiúnach cúnaimh a fháil anseo - https://dbei.gov.ie/en/What-We-Do/EU-Internal-Market/EU-State-Aid-Rules/Regional-Aid/