Foilsithe ar 

Fáiltíonn McHugh roimh chinneadh an Rialtais maidir le Bliain Na Gaeilge 2018

D’fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D. inniu go bhfuil Bliain Na Gaeilge 2018 faofa ag an Rialtas.

Ag labhairt dó ag Roinn an Taoisigh tráthnóna inniu, d’fhógair McHugh freisin go mbeadh an seoladh oifigiúil don cheiliúradh bliana dár gcéad teanga náisiúnta ag tarlú ag Tithe an Rialtais an tseachtain seo chugainn.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go mbeidh gach Ranna Rialtas agus Aire páirteach sa cheiliúradh ar mhaithe lena húsáid a leathnú amach le linn na bliana.

“Tá ríméad orm a chur in iúl gur thug an Rialtas lán-tacaíocht do chur chuige tras-Rialtas inniu do Bhliain na Gaeilge 2018, bliain speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár teanga náisiúnta. Is féidir liom a dheimhniú nach mbeidh Bliain na Gaeilge ag díriú ar chainteoirí líofa amháin. Beidh fáilte roimh chách - foghlaimeoirí, daoine ar bheagán Gaeilge, daoine in Éirinn agus daoine thar lear.

Tá sé tábhachtach mar sin go dtabharfaidh siad siúd a bhfuil an t-ádh orthu a bheith líofa nó a bhfuil an-chuid Gaeilge acu tacaíocht agus spreagadh dóibh siúd nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu nó atá imithe as cleachtadh de bharr easpa deiseanna.”

Beidh Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn mar phatrún ar an mbliain speisialta seo don Ghaeilge a mbeifear á seoladh go hoifigiúil ag an Taoiseach, Leo Varadkar, T.D. an tseachtain seo chugainn, Dé Céadaoin 20ú Nollaig.