Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., roimh fhionnachtain reilige tuama pasáiste ón réamhstair ag Halla Dhubhadh, Brú na Bóinne, Co. na Mí

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., ag Halla Dhubhadh i gCo. na Mí inniu chun reilig thuama pasáiste atá 5,500 bliain d’aois a thángthas uirthi le roinnt míonna anuas. Maidir leis an tuama pasáiste a fionnadh, baineann sé leis an tréimhse inar tógadh mórthuamaí pasáiste Bhrú na Bóinne agus Chnóbha agus tá sé suite i Suíomh Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO i mBrú na Bóinne.

160718_02


Rinneadh an fionnachtain shuntasach sheandálaíochta fad a bhíothas ag tabhairt faoi oibreacha caomhantais agus athchóirithe ag Halla Dhubhadh, ar tógadh san 18ú hAois é. Táthar ag tabhairt faoi oibreacha ar an láthair ar bhonn leanúnach ó cheannaigh Devenish Nutrition an teach agus eastáit sa bhliain 2013. Tá an Dr Owen Brennan, Cathaoirleach Feidhmeannach Devenish Nutrition, ag déanamh deimhin de go ndéanfar caomhnú iomlán ar an bhfionnachtain neoiliteach agus go mbeidh rochtain uirthi ag an bpobal i gcoitinne, a bheidh in ann cuairt a thabhairt uirthi le linn Sheachtain na hOidhreachta 2018.


Ó 2013 i leith, tá Devenish Nutrition ag obair i gcomhar le Scoil Seandálaíochta COBÁC chun taighde agus suirbhéanna a dhéanamh ar eastáit Halla Dhubhadh, a bhfuil 430 acra inti, chun tuiscint níos fearr a fháil ar an tírdhreach tábhachtach seandálaíochta. Is de thoradh ar thocailt seandálaíochta a rinne foireann seandálaithe faoi stiúir an Dr Clíodhna Ní Líonáin mar chuid de na hoibreacha athchóirithe ar Halla Dhubhadh a rinneadh an fhionnachtain seo.
Maidir leis an reilig thuama pasáiste seo narbh eol dúinn é a bheith ann roimhe seo, tá seomraí adhlachta inti mar aon le fianaise go raibh fóir mhór cloch ann tráth agus fianaise leis go raibh carn ann mar chlúdach os cionn na dtuamaí. Meastar gur ón tréimhse thart ar 3300 RC atá fothraigh struchtúrtha an tuama pasáiste. Thángthas ar roinnt clocha a bhfuil ealaín shainiúil mheigiliotach orthu freisin, atá cosúil leis na clocha maisithe ag Brú na Bóinne agus Cnóbha.


Ag labhairt di sular ndeachaigh sí chun cuairt a thabhairt ar an bhfionnachtain, d’fháiltigh an tAire Madigan roimh an dlúthchomhar idir Comhairle Contae na Mí, Devenish Nutrition, COBÁC agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta de chuid a Roinne féin agus iad i mbun bhainistiú phróiseas tocailte, buanchoimeádta agus caomhantais na bhfionnachtana tábhachtacha agus iad ag déanamh socruithe freisin chun gur féidir leis an bpobal i gcoitinne féachaint ar fhothraigh na reilge tuama pasáiste.

160718_Madigan01
Tagann fionnachtain an tuama ag Dubhadh le cois fionnachtana suntasacha seandálaíochta eile a rinneadh i mBrú na Bóinne le roinnt laethanta anuas, lena n-áirítear imfhálú mór taobh leis an tuama pasáiste ag Brú na Bóinne a fionnadh trí úsáid a bhaint as grianghrafadóireacht dróin. Ina theannta sin, táthar i mbun tocailt seandálaíochta arna maoiniú ag an Roinn trí Acadamh Ríoga na hÉireann ar shuíomh eile atá gar le tuama Bhrú na Bóinne.

Dúirt an tAire Madigan:

Is iontach an rud é go ndearnadh na fionnachtana seandálaíochta úra agus suntasacha seo. Tá moladh mór ag dul do Devenish Nutrition as an aire atá tugtha acu agus na fothraigh á nochtadh acu agus cuirfidh sé go mór leis an gclár a mbítear de shíor ag cur leis de shuíomhanna tábhachtacha seandálaíochta atá suite i dtírdhreach draíochtúil Bhrú na Bóinne.

Lean an tAire lena cuid cainte:

Is cúis mhór áthais dom go bhfuil pleananna á n-ullmhú cheana féin maidir le caomhnú a dhéanamh ar fhothraigh thuama pasáiste Halla Dhubhadh, agus chun go mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne dul chun féachaint ar an suíomh le linn Sheachtain na hOidhreachta agus táimid an-bhuíoch go bhfuil Devenish chun rochtain don phobal amach anseo a cheadú.