Foilsithe ar 

Fáiltíonn an tAire Stáit McHugh roimh leithdháiltí na cáinaisnéise don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin do 2019

Ráiteas ó Phríomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh.

Mar Aire Stáit don Ghaeilge, do na ceantair Ghaeltachta agus dár n-oileáin, tuigim go rímhaith an dualgas atá orm úsáid na Gaeilge ar fud na tíre a chosaint agus a fheabhsú.
I ndiaidh an ratha a bhí ar Bhliain na Gaeilge 2018, fáiltím roimh an mhaoiniú breise de €5m atá á leithdháileadh do mo Roinn do mo réimse freagrachta i gCainaisnéis 2019 a fógraíodh inniu. Leis seo is fiú €67.5m an méid airgid a bheidh le caitheamh sa réimse seo in 2019.

San áireamh i mo chuid pleananna don bhliain seo chugainn tá:

  • €0.6m sa bhreis chun tacú leis an Phróiseas Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;
  • €1.5m i maoiniú caipitil breise le haghaidh Údarás na Gaeltachta chun infheistíocht a dhéanamh i gcoinneáil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, agus nuair a chuirtear an méid sin san áireamh is ionann leithdháileadh caipitil na heagraíochta sin agus €8.5m;
  • Leithdháileadh breise de €0.5m do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta mo Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta.
  • Méadú €0.5m le haghaidh an Údaráis, chun tacaíocht a thabhairt do chomharchumainn Ghaeltachta agus eagraíochtaí forbartha pobail Gaeltachta go príomha;
  • Leithdháileadh breise de €580,000 le haghaidh Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge mo Roinne lasmuigh den Ghaeltacht.
  • Leithdháileadh breise de €1.5m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan a fhreastalaíonn ar Oileáin Árainn agus ar Thoraigh agus chun seirbhísí ríthábhachtacha iompair chuig na hoileáin a sholáthar.

San áireamh i gCáinaisnéis na bliana seo chugainn tá suim shuntasach de €13.323m le cur ar fáil don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise. Tá na figiúirí seo faoi réir chomhaontú na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i gcás an Fhorais Teanga.

Is iontach an leibhéal tiomantas atá léirithe ag na pobail Ghaeltachta i ndáil leis an phróiseas pleanála teanga le roinnt blianta anuas. Léiríonn an luas lena bhfuil na pleananna teanga á bhfaomhadh anois an tiomantas sin agus is aitheantas iad leithdháiltí méadaithe an lae inniu ar an méid sin.

Is príomhthosaíocht don Rialtas é cur i gcrích na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus an Plean Gníomhaíochta 5 Bliana 2018-2022 lena mbaineann a seoladh le déanaí, agus is cúis áthais dom, mar sin, go bhfuil an méadú seo á dhéanamh ar mhaoiniú don Ghaeilge, i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh sa Chlár don Rialtas.

Is cúis ar leith áthais dom an €2m atá curtha ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun cur leis an obair thábhachtach a dhéanann an eagraíocht sin. Is léiriú an méid sin ar ghealltanas ón Rialtas a tugadh i dTionscadal Éireann 2040 agus is freagairt é freisin ar na riachtanais atá ag comharchumainn agus struchtúir forbartha pobail Ghaeltachta, ar bhuail mé le hionadaithe uathu an tseachtain seo caite.

An mhí seo caite, cheadaigh mé an deichiú bplean teanga Gaeltachta, agus tá sé beartaithe cúig phlean eile a cheadú roimh dheireadh na bliana. A bhuí leis an méadú seo de €600,000 ar bhuiseád pleanála teanga mo Roinne go €3.25m don bhliain seo chugainn, cinnteofar go gcuirfear maoiniú leordhóthanach ar fáil chun gur féidir bogadh ar aghaidh chun na pleananna a chur chun feidhme sa bhliain atá amach romhainn.

Tá leithdháileadh breise de €580,000 ceadaithe fosta do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht. Tá curtha go mór ag na scéimeanna seo le cuid den obair is nuálaí atá ar bun maidir leis an teanga le blianta beaga anuas agus tá mé ag dréim le níos mó dul chun cinn sna réimsí seo in 2019.