Foilsithe ar 

Feachtas eolais maidir le Pacáiste Tacaíochta Teanga seolta ag an Aire Stáit McHugh ag Oireachtas na Samhna

Tá fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., (3 Samhain) go bhfuil a Roinn chun beart faoi leith a chur sa tsiúl sna ceantair Ghaeltachta ar mhaithe leis na buntáistí a bhaineann le clann a thógáil le Gaeilge a chur ar a súile do theaghlaigh óga na Gaeltachta.

Mar chuid den fheachtas, scaipfear ábhar eolais amhail póstaeir agus leatháin in ionaid sláinte agus dochtúra fud fad na Gaeltachta ar mhaithe le haird a dhíriú ar an ábhar agus ar an bpacáiste tacaíochta teanga atá á chur ar fáil ag an Roinn do theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh. Scaipfear eolas chomh maith faoin bhfeachtas reatha ar na seirbhísí réamhscolaíochta sa Ghaeltacht.

"Deis ar dóigh í seo chun na buntáistí a bhaineann leis an Ghaeilge a chur ar a súile do dhaoine, agus chun a rá leo go bhfuil tacaíocht ar fáil dóibh ó mo Roinnse má roghnaíonn siad a gclann a thógáil le Gaeilge," a dúirt an tAire Stáit McHugh agus é ag fógairt an fheachtais eolais. "Léirigh aiseolas a fuarthas ón phobal go bhfuil gá le beart mar seo. Bíonn teagmháil dhíreach agus rialta ag tuismitheoirí óga na Gaeltachta leis na hionad dochtúra agus sláinte sa Ghaeltacht agus is deis ar dóigh í seo chun na roghanna atá acu maidir le teanga teaghlaigh a chur ar a súile dóibh".

Nóta don Eagarthóir
Tá sé mar aidhm ag an mbeart seo an Ghaeilge a threisiú mar theanga teaghlaigh agus pobail sa Ghaeltacht i gcomhréir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Faoin tionscnamh scaiptear beart leabhar, DVDanna agus ábhar oiriúnach eile, saor in aisce, ar theaghlaigh a chuireann fios air ón Roinn. Ó cuireadh tús leis in 2012 tá 5798 pacáiste scaipthe ar theaghlaigh óga.

Tuilleadh eolais:
https://www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht/the-gaeltacht/language-support-schemes-programmes/family-language-support-programme/