Foilsithe ar 

Fís leanaí d’Éirinn na todhchaí athshamhlaithe ag ócáid speisialta in Áras an Uachtaráin mar chuid den Chlár Comórtha Céad Bliain

Freastalóidh na céadta leanaí agus daoine óga ar ócáid speisialta searmanais in Áras an Uachtaráin inniu (Dé Céadaoin 15ú Meitheamh) chun an dá scór leanbh a fuair bás le linn Éirí Amach na Cásca a thabhairt chun cuimhne agus chun a bhfís d’Éirinn a roinnt.

Mar chuid d'Éire 2016, agus i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, reáchtáladh sraith comhairliúcháin le leanaí agus daoine óga idir 8 agus 18 mbliana d'aois in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann chun a fháil amach cad a thaitin leo faoi Éirinn agus faoi Thuaisceart Éireann agus na rudaí ar mhaith leo a athrú. Tá ócáid an lae inniu pleanáilte go cúramach, i gcomhréir le mianta rannpháirtithe óga na gceardlann, agus is cuid é de shnáithe Athshamhlú an Chláir Chomórtha Céad Bliain. Tá torthaí na gcomhairliúchán i dtuarascáil speisialta dar teideal Focal ón Óige 1916 – 2016, a bheidh á cur i láthair an Aire Heather Humphreys agus an tAire Katherine Zappone mar chuid d’ócáid an lae inniu.

Beidh an ócáid á cur i láthair ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus tá gairdíní Áras an Uachtaráin cóirithe go speisialta don lá ionas go mbeidh na leanaí in ann a bheith ag imirt na gcluichí á bhíodh á n-imirt ag daoine óga i 1916. Mar chuid den searmanas foirmiúil, beidh mórshiúl laindéar, ceann do gach leanbh den dá scór a bhásaigh le linn an Éirí Amach, cur i láthair ó roinnt de na leanaí ar a bhfís don todhchaí, cur i dtalamh taisceadán todhchaí agus searmanas speisialta cur crann. Is é an craoltóir agus údar Children of the Rising, Joe Duffy, a bheidh ina fhear an tí ag ócáid an lae inniu.

Agus í ag labhairt roimh ócáid an lae inniu, dúirt an tAire Humphreys: “Tá lúcháir orm gur ghlac leanaí agus daoine óga páirt chomh dearfach sin in Éire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain trí chlár na scoileanna agus tríd an bpróiseas comhairliúcháin a bhfuil ócáid an lae inniu mar thoradh air. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí tuairimí leanaí agus dhaoine óga san áireamh agus muid ag pleanáil don todhchaí, ó tharla gurb iad siúd cinnteoirí an tsaoil atá amach romhainn. Tá a fhios agam go mbeidh mé féin agus mo chomhghleacaí, an tAire Zappone, ag déanamh ár machnaimh ar thorthaí na tuarascála agus á plé tuilleadh lenár gcomhghleacaithe Rialtais. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leis na leanaí agus na daoine óga anseo inniu maidir lena n-ionchur luachmhar."

I measc bhuaicphointí na tuarascála ó na leanaí agus na daoine óga tá an méid seo a leanas:

· Tá tábhacht lenár dteanga, stair, cultúr, rince, spórt agus suáilceas na ndaoine
· Is maith leo an uileghabhálacht agus an meon pobail a bhaineann lena bheith ina gcónaí in Éirinn
· Tá sé tábhachtach gur tír shaor agus chomhionann í Éire, le timpeallacht ghlas
· Bhí drugaí, mí-úsáid alcóil, ciníochas, bulaíocht agus íomhá stéiritipiciúil na hÉireann thar lear i measc na ngnéithe de shochaí na hÉireann ba lú a thaitin leo
· Labhair na déagóirí a ghlac páirt sa phlé amach i gcoinne an idirdhealaithe, na homafóibe, an neamhionannais agus na bulaíochta
· Labhair siad faoin easpa tacaíochtaí do mheabharshláinte agus d’iarr siad go ndéanfaí gach is féidir chun líon na ndaoine a chuireann lámh ina mbás féin a laghdú
· Bhí easpa dídine agus deireadh leis an mbochtaineacht i measc na rudaí gur mhaith leo a athrú
· Bhí na déagóirí míshásta le gnéithe den chóras oideachais, go háirithe Córas Phointí na hArdteistiméireachta

Dúirt an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone T.D., ar ar bronnadh cóip den Tuarascáil: “Is léir go bhfuil tuairimí láidre ag leanaí agus daoine óga faoi thodhchaí ár náisiún agus ní mór go gcloisfear iad. Is foinse mhór dóchais do thodhchaí na hÉireann a ngrá dár gcultúr, dár n-oidhreacht agus dár dtraidisiúin agus mar a dhiúltaíonn siad don chiníochas, do bhulaíocht agus don idirdhealú. Ón méid a thacaíonn siad le dul i ngleic le heaspa dídine, bochtaineacht agus an ngá atá le seirbhísí sláinte fisiciúil agus seirbhísí meabhairshláinte, feictear dúinn go bhfuil na luachanna is luachmhara againn i gcroí istigh an aois óig freisin, agus tá mé cinnte go rachaidh a míshástacht leis an gcóras pointí agus an brú a bhaineann leis an Ardteistiméireacht i bhfeidhm ar go leor daoine fásta.”