Foilsithe ar 

Fógartha ag an Aire a bhfuil freagracht air do Chosaint, Paul Kehoe, go bhfuil tuilleadh ábhair ar fáil as Bailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (1916-1923) cothrom an ama 10 mBliana ó bunaíodh an Tionscadal

Chuir an tAire Kehoe fáilte inniu roimh an gcéad ábhar a cuireadh ar fáil ar líne in 2018 as Bailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (MSPC) (1916-1923). Cuirfear 4,000 comhad ar fáil as an mbailiúchán a bhaineann le héilimh a thaisc 1,442 duine aonair nó a gcleithiúnaithe agus tá eolas nua agus ar leith le fáil iontu ar thréimhse na réabhlóide.

Cothrom an ama seo 10 mbliana ó shin a bunaíodh an Tionscadal in 2008. Is é an aidhm a bhí leis an tionscadal taifid a chur ar fáil don phobal agus do staraithe in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916 in 2016. Ó cuireadh an chéad ábhar ar fáil in 2014, tá díreach faoi bhun 90,000 comhad próiseáilte agus 25,000 comhad scanta le fáil le híoslódáil ar líne. Tá tuairim is 1.2 milliún leathanach aonair scanta ó thosaigh an tionscadal.

Maidir leis an ábhar a cuireadh ar fáil inniu dúirt an tAire

“Cuirim fáilte roimh an ábhar atá ar fáil inniu ó Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata. Tá mórluach staire ag baint leis an ábhar ó tharla gur ann atá an líon is mó comhad a cuireadh ar fáil riamh a bhaineann le rannpháirtíocht na mban i dtréimhse na réabhlóide lenar bhain 600 duine aonair agus suas le 1,400 comhad. Tabharfaidh na taifid ón tréimhse 1916-1923, atá anois ar fáil ar líne, an stair chun beochta do ghlúin an lae inniu ar bhealach atá éasca le húsáid agus tairbheach. Táim ag súil go mór freisin leis an tsraith Tuarascálacha ar Ghníomhaíochtaí na mBriogáidí a bheith ar fáil ina bhfuil 151 comhad agus a bheidh ar fáil ar líne i mí Dheireadh Fómhair 2018. Is deis ar leith a bheidh san ábhar seo, a scaoilfear go luath, do ghlúin an lae inniu eolas a chur ar an méid a rinne a sinsear rompu chun an tír a mhúnlú".

Ag tagairt don tionscadal a bheith 10 mbliana ar an bhfód dúirt an tAire

Táim thar a bheith bródúil as an obair mhór atá déanta ar an tionscadal le deich mbliana. Is cruthú é an tóir atá ar an tionscadal, ag daoine sa phobal, leanaí scoile, staraithe, lucht acadúil agus diaspóra, ar an tábhacht atá leis. Molaim gach duine a bhí páirteach sa tionscadal go dtí seo agus táim ag súil leis an ábhar a bheidh ar fáil amach anseo."