Foilsithe ar 

Fógra á dhéanamh ag an Aire Humphreys go bhfuil scéimeanna maoiniúcháin chultúrtha do thionscadail bheaga ag glacadh le hiarratais

€415,000 de mhaoiniú do thrí scéim agus don Cheolfhoireann Trasteorann

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Déardaoin) go bhfuil na trí scéim maoiniúcháin chultúrtha a bhíonn á reáchtáil ag a Roinn ag glacadh le hiarratais anois agus mhol sí do ghrúpaí agus eagraíochtaí a bhfuil suim acu ann leas a bhaint as an maoiniú.

Is iad seo a leanas na scéimeanna:
An Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann (spriocdháta le haghaidh iarratais: 19 Bealtaine 2017).
Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach (spriocdháta le haghaidh iarratais: 19 Bealtaine 2017).
Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán (spriocdháta le haghaidh iarratais: 31 Iúil 2017).

Tacaíonn an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann le tionscadail bheaga neamhspleácha a fhéachann le healaíona, cultúr, ceol, scannán nó oidhreacht Oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh/Theas. Tá an maoiniú atá ar fáil faoin scéim méadaithe ag an Aire de 27% do 2017. Áirítear leis sin ciste tiomnaithe de €100,000 do Cheolfhoireann Trasteorann na hÉireann as a rannpháirtíocht sna Peace Proms agus €140,000 de mhaoiniú atá ar fáil do thionscadail chomhoibrithe eile. Tá uasteorainn de €15,000 leis na deontais.

Faoi Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach cuirtear deontais chaipitiúla bheaga suas le €15,000 ar fáil ar bhonn cistithe chomhfhreagraigh (75%:25%) do mhúsaeim áitiúla, réigiúnacha agus speisialaithe. Cabhraíonn Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán le maoiniú an iompair, chostas an árachais agus na costais taispeána a bhaineann le píosaí ó na Bailiúcháin Náisiúnta a chur ar taispeáint i bhforais chuí ar fud na tíre.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Cé nach bhfuil an maoiniú a chuirtear ar fáil faoi na trí scéim seo an-mhór, is féidir leis tionchar ollmhór a imirt ar na grúpaí, tionscadail agus pobail a bhaineann tairbhe as. Tá lúcháir orm tacaíocht leanúnach a chur ar fáil don Cheolfhoireann Trasteorann, a raibh páirt speisialta acu inár gcuimhneacháin céad bliain anuraidh. Mholfainn do thionscadail eile smaoineamh ar iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann, faoina bhfuil deontais suas le €15,000 ar fáil.

“Le Scéim na Músaem Áitiúil agus Réigiúnach agus an Scéim um Inaistritheacht na mBailiúchán is féidir tacú lenár músaeim réigiúnacha agus nithe ónár bhForais Chultúir Náisiúnta a roinnt. Cabhraíonn sé sin le rochtain níos fearr a thabhairt ar ár n-oidhreacht chultúrtha náisiúnta i gceantair réigiúnacha, rud a thacaím go mór leis.”