Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Ann Phelan foilsiú an Chreatbheartais maidir le Forbairt Áitiúil agus Pobail in Éirinn

D’fhógair an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aici i leith Forbairt Gheailleagrach Tuaithe, Ann Phelan, T.D., inniu (Dé hAoine, an 22 Eanáir 2016) gur fóilsíodh Creatbheartas maidir le Forbairt Áitiúil agus Pobail in Éirinn, foilseachán a d’fhaomh an Rialtas le déanaí.

Agus an foilseachán seo á fhógairt aici, deir an tAire “is cúis áthais dom é a bheith in ann a fhógairt gur fóilsíodh an Creatbheartas seo, ar léiriú é ar ghealltanas an Rialtais tacú le pobail in Éirinn”.

Labhair an tAire faoin méid mór atá déanta ag na hearnálacha áitiúla agus pobail ar son fhorbairt shóisialta agus eacnamaícohta na tíre le fiche nó tríocha bliain anuas, agus luaigh sí freisin an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíocht chomhoibritheach chuimsitheach a fhorbairt. “Má táimid le hinbhuanaitheacht a bhaint amach inár bpobail amach anseo is gá go mbeadh na pobail iad féin ag obair go dlúth leis an rialtas áitiúil agus le gníomhaireachtaí eile forbartha áitiúla, chun a riachtanais a chur in iúl agus aontú ar bhearta chun freastal ar na riacthanais sin. Cé go bhfuil roinnt croíchuspóirí luaite sa Chreatbheartas sin, tá rannpháirtíocht na bpobal féin ina bunchloch don bheartas, agus téann sin i bhfad níos doimhne ná an comhairliúchán fein”, arsa an tAire.

Thagair an tAire Phelan don easnamh a bhí ann, sa mhéid nach raibh aon bheartas uilechuimsitheach náisiúnta ann roimhe seo agus, dá réir sin, ní raibh cur chuige ‘uile-rialtais’ ann ach oiread i leith na forbartha pobail. Sa chomhthéacs sin, deir an tAire go“ndearbhaíonn an beartas mo ghealltanas agus gealltanas na Rialtais féin i leith ár bpobal. Is léiriú é ar thiomantas an rialtais náisiúnta agus áitiúil plé fónta a bheith ann le pobail agus obair go dlúth leo. Dar liom, tá an teachtaireacht á thabhairt dár bpobail, agus dá n-eagraíochtaí ionadaíochta, go bhfuil an rialtas ar an dhícheall tacú le forbairt áitiúil agus pobail agus agus córais a chur ar bun chun tacú le rannpháirtíocht daoine agus pobal i bhforbairt beartas agus straitéisí a fhéachann le freastal ar a riachtanais agus cuidiú leo bláthú agus sásamh a bhaint as toradh na hoibre sin sa téarnamh atá ar bun.”

Nóta eolais don eagarthóir:
Bhunaigh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil a bhí ann ag an uair, Phil Hogan T.D., an Grúpa Stiúrtha um Ailíniú an Rialtais Áitiúil agus na Forbartha, i mí Mheán Fómhair 2011. Iarradh ar an nGrúpa Stiúrtha moltaí a dhéanamh, inter alia faoi gcaoi is fearr an rialtas áitiúil a ailíniú leis an fhorbairt áitiúil chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí do mhuintir na tire ar an leibhéal áitiúil. Ar na moltaí is tábhachtaí a rinne an Grúpa Stiúrtha bhí fobairt beartais náisiúnta don fhorbairt áitiúil agus pobail inar “leagadh amach tosaíochtaí náisiúnta agus creat do réadú an chuir chuige tras-rialtais ar an leibhéal áitiúil.”

De réir mholtaí na Ghrúpa Stiúrtha, bunaíodh Grúpa Idir-rannach chun forbairt an Bheartais a mhaoirsiú. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí maidir leis an dréacht-Bheartas ón 30 Eanáir go dtí an 10 Aibreán 2015. Fuarthas 73 aighneacht san iomlán.

Cuirfear an Creatbheartas i bhfeidhm ar bhonn trasrialtais agus féachfaidh sé le cur chuige comhleanúnach, comhoibritheach, rannpháirtíocht a fhorbairt i leith na forbartha áitiúla gus pobail ar an leibhéal áitiúil. Déanfaidh an rialtas láir agus san rialtas áitiúil beartais, cláir agus idirghabhálacha eile an bheartais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de réir chúig chroíchuspóir an Chreatbheartais. Déanfaidh an Grúpa Idir-rannach maoirseacht agus monatóireacht ar chur i bhfeidhm an Chreatbheartais, agus cuirfear plean feidhmithe ar fáil sna míonna seo chugainn chun na bearta atá bainteach le gach ceann de na croíchuspóirí sin a chur i gcrích.