Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Bruton Maoiniú Imfhálaithe d’Iar-Bhunscoileanna na nOileán sa Ghaeltacht

Pacáiste tacaíochtaí ar a n-áirítear €15,000 breise do gach scoil agus acmhainni teagaisc breise

Pacáiste tacaíochtaí imfhálaithe mar aon le tacaíochtaí a cuireadh ar fáil cheana féin faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta

Inniu (Dé Domhnaigh, 17 Meitheamh 2018), d’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton T.D. pacáiste tacaíochtaí breise chun tacú le hiar-bhunscoileanna na n-oileán i gceantair Ghaeltachta.

Sheol an Rialtas an Polasaí don Oideachas Gaeltachta i 2016, an chéad straitéis spriocdhírithe ariamh don soláthar oideachais i gceantair Ghaeltachta. Is cuid de Phlean Gníomhaíochta an Aire Oideachais, atá dírithe ar Sheirbhís Oideachais agus Oiliúna na hÉireann a bheith ar an gceann is fearr san Eorap faoi 2026, é seo.

Agus é á fhógairt aige inniu, dúirt an tAire Bruton:

“Tá sé mar mhórsprioc agamsa go mbeidh córas oideachais agus oiliúna na hÉireann ar an gcóras is fearr san Eorap faoin mbliain 2026. Táim ríthuisceanach faoin dtimpeallacht dhúshlánach ina mbíonn iar-bhunscoileanna na n-oileán ag feidhmiú, agus seo í an chúis, mar chuid dár bPolasaí don Oideachas Gaeltachta, go bhfuil acmhainní breise á sholáthar againn do na scoileanna seo mar thaca chun freastal ar na cúinsí uathúla atá acu.”


Roghnaigh gach iar-bhunscoil Gaeltachta ar na hoileáin a bheith páirteach sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta rud a chiallaíonn go mbíonn siad ag streachailt le feidhmiú trí mheán na Gaeilge. Faoin Scéim, príomh-ghníomhaíocht den Pholasaí ar Oideachas Gaeltachta, tá tacaíochtaí breise á fháil cheana féin ag na scoileanna seo ar nós maoiniú breise d’ábhair teagaisc don Ghaeilge, oiliúint bhreise dá múinteoirí agus uaireanta breise do thacaíocht teanga.

Tagann pacáiste tacaíochtaí imfhálaithe an lae inniu d’iar-bhunscoileanna na n-oileán sa bhreis ar na hacmhainní sin.

Áirítear mar chuid de phacáiste na dtacaíochtaí breise:

  • Méadú ar leithdháileadh na múinteoirí do gach ceann de na hiar-bhunscoileanna oileáin ón leithdháileadh coibhéis 1 phost lán-aimseartha, mar atá faoi láthair, go coibhéis 1.5 lán-aimseartha ó Mheán Fómhair 2018
  • Buiséad imfhálaithe €15,000 breise in aghaidh na bliana do gach iar-bhunscoil oileáin chun corais oibríochtúla breise a chlúdach 
  • Coláiste Naomh Eoin, a bhí mar Aonad Teanga (an tAonad) roimhe sin, mar scoil aonair neamhspleách ar Inis Meáin, Contae na Gaillimhe. Mar thoradh ar an athrú stádais seo, déanfar príomhoide agus leas-phríomhoide nua a cheapadh, bunófar bord bainistíochta do Choláiste Naomh Eoin, agus beidh leithdháileadh gnáth-chaipitíochta agus deontas eile ar fáil ag BOO na Gaillimhe/Ros Comáin don scoil.


Dúirt Joe McHugh, Aire na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán:

"Rachaidh na deontais €15,000 agus na hacmhainní teagaisc breise d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta na n-oileán i bhfad chun mianta an Rialtais a thacú maidir leis an Ghaeilge a chothabháil agus a fhorbairt sa chéad ghlúin eile.


"Is pobail luachmhara iad pobail na n-oileán agus léiríonn an t-airgead seo fís shoiléir chun acmhainní cuí a bheith ar fáil dá scoileanna lán-Ghaeilge mar aon le teagasc phríomhábhar, ar nós na heolaíochtaí, a leathnú agus a fheabhsú.


“Tá a fhios agam go gcruthóidh sé seo an-difríocht do phobail na n-oileán ar chósta Dhún na nGall agus na Gaillimhe agus beidh sé mar ábhar misnigh do mhúinteoirí, mar aon leis na scileanna a mbeidh gá acu leo sa todhchaí a sholáthar do pháistí agus do dhéagóirí."


Tá cúig iar-bhunscoil lonnaithe ar oileáin na Gaeltachta i gContaetha na Gaillimhe agus Dhún na nGall. Tá gach ceann de na cúig scoileanna faoi phátrúnacht BOO na Gaillimhe/ Ros Comáin agus Dhún na nGall.

Caithfidh gach BOO cur chuige comhordaithe agus straitéiseach a ghlacadh maidir leis na hacmhainní breise seo a bhainistiú agus a dháileadh ar scoileanna Gaeltachta. Beidh gá ag iar-bhunscoileanna, mar riachtanas dá bpáirtíocht sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, sainspriocanna agus sainghníomhaíochtaí a ionchorprú i ngach plean gníomhaíochta feabhsúcháin atá forbartha acu. Ba chóir freisin go mbeadh acmhainní á roinnt idir scoileanna agus go ndéantar sineirgí a fhorbairt chun feabhas a chur ar chaighdeán an tsoláthair oideachais trí Ghaeilge sna hiar-bhunscoileanna oileáin.

Nótaí dEagarthóirí:

Acmhainní breise do scoileanna na n-oileán ó Bhuiséad 2017

Mar chuid de bhuiséad 2017, fuair gach bunscoil aon-oide ar oileán múinteoir breise.

Acmhainní breise chun an Polasaí Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm

· Rinneadh an infheistíocht d’fheidhmiú an Pholasaí a mhéadú faoi dhó, agus níos mó, ó €1m i 2017 go €2.3m i 2018
· Tá deontas €1,200 á chur ar fáil do gach scoil sa Scéim Aitheantais nuair a bhíonn an Plean Feabhsúcháin faofa. Is ar mhaithe le hábhair teagaisc don Ghaeilge a cheannach a bheidh an deontas á sholáthar.
· Cuirfear uaireanta breise don tacaíocht teanga ar fáil do scoileanna a bhíonn páirteach i bhfeidhmiú na Scéime i 2018/19 chun tacú le teagasc na Gaeilge. Is ionann na huaireanta a chuirfear ar fáil agus coibhéis lánaimseartha 40 múinteoir (30 múinteoir ag leibhéal na bunscoile agus 10 múinteoir ag leibhéal na hiar-bhunscoile).
Déanfar beirt mhúinteoir lasmuigh den chuóta a dháileadh chun clár teanga a phíolótú ag an iar-bhunleibhéal, a bhfuil sé mar chuspóir aige tacú le sealbhú na Gaeilge agus líofacht Ghaeilge, a stiúradh, i.e. múinteoir breise amháin i ngach ceann de dhá iar-bhunscoileanna. Déanfear meastóireacht chúramach ar thorthaí an phíolótaigh seo agus beidh an fhoghlaim a eascróidh mar bhonn eolais don chleachtas i scoileanna Gaeltachta sa todhchaí.

· Leanfar i 2018 leis an maoiniú breise a cuireadh ar fáil do COGG i 2017. Cuirfidh a leithéid an maoiniú is gá ar fáil chun íoc as an mbeirt oifigeach oideachais a earcaíodh i 2017, chun sparántachtaí a sholáthar do mhúinteoirí, agus chun costais ionadaíochta a chlúdach do mhúinteoirí a bhíonn ag freastal ar chúrsaí COGG sa bhforbairt ghairmiúil do scoileanna atá sa Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta.
· Cuirfidh an tAonad um Oideachas Gaeltachta tús le tionscadal píolótach i 2018/19 chun iar-bhunscoileanna a nascadh go digiteach. Má éiríonn leis an tionscadal, déanfar é a leathnú sa todhchaí go scoileanna eile a bhfuil spéis acu ann. Cuirfidh sé seo ábhair breise ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cruthófar an deis freisin chun TFC a leabú sa teagasc, sa bhfoghlaim agus sa mheasúnú.
· Tá straitéis agus plean gníomhaíochta á fhorbairt ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige chun freastal ar riachtanais oideachas na Luathbhlianta sa Ghaeltacht.
· Leanfar i 2018 leis an tacaíocht airgeadais don dá phost teagaisc breise don Mháistreacht san Oideachas Iarchéime ag OÉG, a ceadaíodh ar dtús i 2017. Tá sé i gceist go ndéanfadh a leithéid an soláthar múinteoirí iar-bhunoideachais don earnáil lán-Ghaeilge a láidriú agus a threisiú.
Tosóidh clár B.Oid. trí mheán na Gaeilge do bhunmhúinteoirí i mí Mheán Fómhair 2019 agus tosóidh clár M.Oid. páirtaimseartha san Oideachas trí Mheán na Gaeilge agus Gaeltachta i mí Mheán Fómhair 2018.