Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil an Scéim Chaipitil Ealaíon agus Chultúir €9m oscailte anois le haghaidh iarratas

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil Scéim Chaipitil Ealaíon agus Chultúir 2016 oscailte anois le haghaidh iarratas. Beidh an scéim infheistíochta caipitil nua €9 milliún seo d’ionaid ealaíon agus cultúir á reáchtáil ó 2016-2018 agus dírítear ar na hionaid ealaíon agus chultúir atá againn ar fud na tíre cheana a fheabhsú.

Tá an cistiú á chur ar fail mar chuid de Chreat Infheistíochta Caipitil 2016-2021. Táthar ag lorg iarratais anois ar chistiú faoi Shruthanna 1 agus 2 na scéime, mar atá leagtha amach thíos.

Dúirt an tAire Humphreys:
“Leis an scéim seo cuirfear instealladh an-tábhachtach caipitil ar fáil d’ionaid ealaíon agus chultúir ar fud na tíre. Táimid maith go leor as ó thaobh ionaid chultúir réigiúnacha de, ach tuigim go maith gur gá an méid atá ann a uasghrádú.

“Tá sé mar thosaíocht agam díriú ar infheistíocht in áiseanna atá ann cheana, leis na hionaid ealaíon atá againn a fheabhsú. Beidh an scéim seo á reáchtáil ó 2016-2018, agus tá sé ceaptha le go mbainfidh ionaid de mhéideanna agus feidhmeanna éagsúla tairbhe as.

“Feidhmíonn ionaid ealaíon agus chultúir mar mhol i bpobail áitiúla, agus chuirfeadh spás cultúrtha atá cuí dá fheidhm go mór le bród an phobail. Más mian linn a chinntiú go bhfuil rochtain ag na réigiúin ar na healaíona, tá sé an-tábhachtach go dtacóidh muid lenár mbonneagar cultúrtha.”
Tá an scéim roinnte suas sna trí Sruthanna seo a leanas:
· Faoi Shruth 1 beidh deontais idir €20,000 agus €300,000 ar fáil agus tá sé dírithe ar áiseanna a athchóiriú agus a uasghrádú; (tá cistiú de €4 mhilliún ar fáil faoin Sruth seo);
· Faoi Shruth 2 tá deontais idir €300,000 agus €2 mhilliún ar fáil do thionscadail feabhsúcháin / leathnaithe / athchóirithe mhóra ina mbeidh oibreacha tógála i gceist ar áiseanna ealaíon agus cultúir; (tá cistiú de €4.5 milliún ar fáil faoin Sruth seo);
· Díreofar Sruth 3 ar dheontais suas le €20,000 a chur ar fáil do ghrúpaí pobail/deonacha do thionscadail phobalbhunaithe (beidh cistiú de €500,000 ar fáil faoin Sruth seo) Lorgófar iarratais ar chistiú faoin Sruth seo níos faide anonn.

Beidh foirmeacha iarratais agus Treoracha maidir le Scéim Chaipitil Ealaíon agus Chultúir 2016 ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne http://www.ahg.gov.ie/arts/creative-arts/grants-and-funding/ ón Céadaoin, 13 Iúil 2016.

Nóta d’eagarthóirí:
Glacfar le hiarratais go dtí meán lae Dé hAoine, an 16 Meán Fómhair, 2016.