Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan Ciste na Struchtúr Stairiúil 2019 agus an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha – a mhéid le €4.3 milliún do thionscadail oidhreachta tógtha

Sheol Josepha Madigan, T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu (an 28 Samhain) an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúr Stairiúil don bhliain 2019. Tá an dá scéim ar oscailt d’iarratais go dtí an 31 Eanáir 2019.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire: “Tá gliondar croí orm a fhógairt go bhfuil scéimeanna 2019 ar oscailt anois d’iarratais.Déanfaidh mo Roinn infheistíocht €4.3 milliún sa dá scéim seo chun tacú le breis agus 500 tionscadal oidhreachta tógtha fud fad na tíre in 2019. 

“Mar chuid den phróiseas Meastachán i mbliana, rinne mé tiomantas daingean chun an líon tionscadal a mhéadú ar féidir tacú leo faoi scéimeanna deontais Oidhreachta Tógtha mo Roinne ar a bhfuil an-tóir.Táim ag tabhairt faoin ngealltanas sin inniu.”

Tacóidh an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúr Stairiúil le húinéirí agus caomhnóirí struchtúr faoi chosaint i ngach limistéar údaráis áitiúil fud fad na tíre in 2019 fad a thugann siad faoi na céadta tionscadal dlúthshaothair ar scála beag chun ár dtimpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú agus a chaomhnú. Cuirfidh na tionscadail tacaíocht ríthábhachtach ar fáil, chomh maith, do phoist áitiúla i gcaomhnú, scileanna traidisiúnta agus tógáil.

Áirítear leis an mbabhta is déanaí de chistiú a d’fhógair an tAire a mhéid le €2.5 milliún de chistiú Státchiste don Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus a mhéid le €1.8 milliún do Chiste na Struchtúr Stairiúil (tugadh Ciste na Struchtúr i mBaol air roimhe seo). Tá iarratais ar oscailt ón lá inniu go dtí an 31 Eanáir 2019. Tá sonraí faoin scéim agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar gach láithreán gréasáin údaráis áitiúil agus ar láithreán gréasáin na Roinne www.chg.gov.ie. Meallfaidh an leithdháileadh Státchiste seo cistiú breise, a bhainfidh toradh iomlán infheistíochta breis agus €5 milliún amach in 2019.

Lean an tAire Madigan ar aghaidh lena rá: “Ábhar mór bróid an oidhreacht thógtha i bpobail, agus is ceart agus cóir seo.Anuas ar thacú le daoine a oibríonn chun cúram a dhéanamh dár bhfoirgnimh stairiúla agus iad a athchóiriú, cabhróidh na deontais seo le bailte agus ceantair thuaithe a athghiniúint agus fáilteofar roimh an méid a chuirfidh siad leo siúd a oibríonn chomh dian dícheallach chun aire a thabhairt dár réadmhaoin oidhreachta.

“Cuid ríthábhachtach í ár n-oidhreacht thógtha dár dtírdhreach cultúrtha.Tá gliondar croí orm a bheith in ann leanúint le feabhas a chur ar ár n-infheistíocht chun é a chosaint don todhchaí.Beidh teagmháil á déanamh ag m’oifigigh le gach Údarás Áitiúil sna laethanta amach romhainn le hiad a chur ar an eolas ar shonraí na scéime don bhliain 2019 agus fógrófar na scéimeanna deontais ar láithreán gréasáin gach údaráis áitiúil agus ar láithreán gréasáin mo Roinne.”

Dheimhnigh an tAire inniu, chomh maith, go gcuirfear €1 milliún ar fáil do Thionscnamh na mBailte Stairiúla 2019, a riarfar i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta. Tá sonraí ar fáil faoi Thionscnamh na mBailte Stairiúla ón gComhairle Oidhreachta agus ar a láithreán gréasáin www.heritagecouncil.ie.