Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan Infheistíocht €1.2m i 30 tionscnamh nua faoin gCiste Náisiúnta Ildánachta mar chuid de Chlár Éire Ildánach

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, sonraí maidir le 30 tionscnamh agus tionscadal a bhfuil tacaíocht á fáil acu ó Chlár Éire Ildánach mar chuid de Chiste nua Náisiúnta Ildánachta.

Cuideoidh an Ciste Náisiúnta Ildánachta le Clár Éire Ildánach tionscnaimh, tionscadail taighde agus cláir phobail cheannródaíocha agus nuálacha, a mbeidh an ildánacht agus an fholláine ina gcroílár, a ghníomhú agus a éascú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Trí bhíthin sraith comhpháirtíochtaí straitéiseacha le heagraíochtaí cultúrtha, institiúidí oideachais agus acadúla agus speisialtóirí cúraim sláinte, is tionscadail uaillmhianacha, nuálacha agus uileghabhálacha iad na tionscadail a roghnaíodh agus cuideoidh siad le bonn eolas a chur faoi fhís Chlár Éire Ildánach ar fud an Rialtais, agus í a chur i bhfeidhm. Déanfar os cionn €1.2m a infheistiú sa 30 tionscnamh thar shaolré an Chiste in 2018 agus 2019.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan:

Is cúis áthais dom sonraí a fhógairt maidir leis an 30 tionscnamh iontach, uaillmhianach a dtacófar leo mar chuid den Chiste Náisiúnta Ildánachta nua de chuid Chlár Éire Ildánach. Le gach ceann de na tionscnaimh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do níos mó imeachtaí áitiúla comhtháite rannpháirtíochta a bheidh dírithe ar an bpobal agus a mbeidh baint acu le gach gné den ildánacht agus den fholláine - an dea-shláinte, comhtháthú agus seasmhacht pobail, mar aon le tógáil líonraí láidre sóisialta, cultúir, ealaíon agus geilleagar áitiúil.


Tá an comhoibriú ag croílár Chlár Uile-Rialtais Éire Ildánach agus is cúis ar leith áthais dom a thabhairt faoi ndeara raon na gcomhpháirtíochtaí nua agus samhlaíocha atá ar liosta na dtionscadal ar éirigh leo. Léiríonn siad sin an nasc atá de shíor ag fás idir ghairmeacha na na n-ealaíon agus na sláinte, idir ár n-oideachasóirí agus lucht na n-ealaíon, gach duine acu ag obair ina réimse féin i dtreo sprioc coiteann chun ár bhfolláine aonair agus chomhchoiteann a chur chun cinn. Táim ag tnúth le torthaí agus léargais na dtionscnamh seo a roinnt le mo chuid comhghleacaithe inár ngníomhaireachtaí agus Ranna Rialtais comhpháirteacha.


I measc roinnt tionscnamh de chuid an Chiste Náisiúnta Ildánachta tá:

  • Le Chéile: tionscadal chun ensemble ceoil a chur le chéile do cheoltóirí óga atá faoi mhíchumas, a mbeidh bunú Cheolfhoireann Oscailte Óige na hÉireann mar thoradh air, arb é an chéad ceolfhoireann náisiúnta óige do cheoltóirí faoi mhíchumas san AE (Acadamh Ríoga Ceoil na hÉireann/Ollscoil Uladh/Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain)
  • Tá sé mar aidhm ag clár ‘DESIGN Skills’ inniúlacht smaointeoireachta dearaidh a fhorbairt le daltaí i scoileanna iar-bhunscoile. Cothóidh an clár ceangal idir dhearthóirí agus déantóirí gairme agus mhúinteoirí chun miontionscadal sé uair an chloig a fhorbairt ina ndéantar plé ar an bpróiseas dearaidh, ag leagan béim ar idéú, fadhbanna a réiteach, smaointeoireacht dhifriúil, dul i riosca, agus tástáil (Comhairle Dearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann/An tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí - Foireann Ealaíne)
  • Clár de 6 chonaitheacht, a bheidh éagsúil agus lonnaithe ar fud na tíre, le haghaidh ealaíontóirí i suíomhanna cúraim a fhorbairt. Beidh sé mar aidhm ag an gclár na healaíona agus an ildánacht a chur mar bhunghné i suíomhanna ina bhfuil daoine aosta faoi chúram ann ar feadh a saol, go háirithe i gcás na ndaoine sin a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de mórcheantair uirbeacha agus in áiteanna nach éasca teacht orthu, chun gur féidir leo a lánchumas ildánach a bhaint amach (Age & Opportunity)
  • Tionscadal taighde agus forbartha chun samhail do Chlár idirchultúrtha do Scoileanna, an chéad cheann dá leithéid in Éirinn, a dhearadh agus a chur ar fáil ar bhonn píolótach (Leabharlann Chester Beatty/Coláiste Oiliúna Mhuire Gan Smál, Luimneach)
  • Tionscnamh píolótach a thacaíonn le sraith cónaitheachtaí ealaíontóirí ag Ushers Island Clinic, ag obair le daoine ar othair sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar faoi láthair iad atá ar saoire lae ón ospidéal (An tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí/Waterford Healing Arts Trust)
  • Re-Imagine: clár a dearadh chun nasc níos fearr a chothú idir phobail agus a gcomharsanachtaí agus timpeallachtaí áitiúla trí bhíthin straitéisí cruthaitheacha comboibríocha dearaidh, a chuireann na daoine ag croílár an cheantair (Fondúireacht Ailtireachta na hÉireann/Comhairle Contae Átha Cliath Theas/Comhairle Contae Chiarraí/Kiltimagh Town Improvements Company agus Imagine Dundrum)
  • Modhanna nuálacha a fhorbairt le saothar drámaíochta a chruthú le healaíontóirí a bhfuil an Ghaeilge mar an chéad teanga acu, tríd spás turgnamhach a chur ar fáil dóibh (Ealaíon na Gaeltachta Teo/Comhairle Contaie Dhún na nGall/Comhairle Contae na Gaillimhe/ Oifig na nEalaíon/Ollscoil na hÉireann Gaillimh/Taibhdhearc na Gaillimhe).

Tá sonraí iomlána de na tionscadail lena bhfuiltear ag tacú mar chuid den Chiste Náisiúnta Ildánachta nua ar fáil ag https://creative.ireland.ie/ga.

Nótaí do na hEagarthóirí

Is tionscnamh uile-Rialtais cúig bliana, ó 2017 go 2022, í Éire Ildánach a bhfuil sé mar aidhm leis an chruthaitheacht a chur i gcroílár an pholasaí poiblí. Tá sé tógtha ar chúig cholún: Cumasú Acmhainneacht Ildánach Gach Linbh; Bonn a Chur faoin gCruthaitheacht i nGach Pobal; Infheistíocht in Infreastruchtúr na hIldánachta agus an Chultúir; Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán; Clú na hÉireann ar fud an Domhain a thabhairt le Chéile. Is féidir gach ceann de 31 Straitéis Chultúrtha agus Chruthaitheachta na nÚdarás Áitiúil a íoslódáil ó creative.ireland.ie

Fuarthas 285 iarratas do Scéim Chlár Éire Ildánach 2018/2019 (Ciste Náisiúnta Ildánachta) agus bhain 63 díobh sin le tionscadail i dtaca le Leanaí agus Daoine Óga go sonrach. Beidh gníomhaíochtaí tionscadail agus tionscnaimh ar siúl i gCorcaigh, i nDún na nGall, i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh, i gCill Chainnigh, i Liatroim, i Luimneach agus san Iarmhí.

Tá na tionscdail a bhfuiltear ag tacú leo mar chuid de Chiste Náisiúnta Ildánachta bunaithe ar thrí réimse théamacha:

4. Folláine aonair agus chomhchoiteann: Tionscadail agus tionscnaimh atá bunaithe ar ildánacht a thacaíonn le forbairt beartas a chur chun cinn i réimsí (a) sláinte fhisiciúil, shíceolaíoch agus mheabhrach (b) comhtháthú sóisialta agus (c) timpeallachtaí inbhuanaithe, uileghabhálacha agus cothaithe

5. Nuálaíocht: Tionscadail shamhlaíocha agus nuálacha a spreagann agus a thacaíonn le forbairt agus inmharthanacht na dtionscadal cruthaitheach

6. Pobail a nascadh: Tionscadail agus tionscnaimh a phléann nó a théann i ngleic leis an gcaoi ar féidir aghaidh a thabhairt ar dhúsláin pobail trí rannpháirtíocht níos fearr a chothú in imeachtaí cruthaitheacha, agus béim ar leith a leagadh ar phobail iargúlta, pobail thuaithe agus pobail atá faoi mhíbhuntáiste.