Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan agus Mitchell O’Connor go gcomhchisteofar an athfhorbairt a dhéanfar ar Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann ag Rae an Iarthair

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, i dteannta an Aire Stáit Ardoideachais, Mary Mitchell O’Connor, inniu (an 25 Deireadh Fómhair 2018) comhchistiú €9 milliún do Cheol-Acadamh Ríoga na hÉireann (RIAM) chun cabhrú lena áitreabh stairiúil ag Rae an Iarthair a athfhorbairt. 

Tá an cistiú á sholáthar faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2018-2027 a gheallann infheistíochtaí státchiste €1.2 billiún inár n-oidhreacht chultúrtha agus €2.2 billiún i mbonneagar ardoideachais na hÉireann sna deich mbliana amach romhainn.

Tá €3 milliún á leithdháileadh ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta don tionscadal, agus tá €6 milliún á leithdháileadh ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus is ionann ranníocaíocht iomlán an státchiste agus €9 milliún dá bharr. 

Aithnítear sa chur chuige comhchistithe seo tábhacht an RIAM mar institiúid oideachais agus chultúrtha araon, atá bunaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath, ach a imríonn tionchar ar fud oileán na hÉireann. Meastar gurb ionann a bheidh costas iomlán an tionscadail agus thart ar €20 milliún agus beidh an fuílleach á thiomsú ag an RIAM ó thabhartais dhaonchairdiúla. 

Go dtí seo, fuarthas tabhartais thábhachtacha ó réimse fairsing foinsí, an tUasal Carmel Naughton, Lochlann agus Brenda Quinn, Fondúireacht John Pollard, anuas ar bhreis tacaíochta ó Bill Whelan, Banc an Iontaobhais Thuaidh, KPMG, Fondúireacht Lauritzson, iontaobhaithe Arthur Carr Donnelly, Joan Butler agus Leona Rennicks ina measc.

Déanfaidh an tionscadal saoráidí reatha an RIAM ag Rae an Iarthair a athfhorbairt chun seomraí nua-aimseartha múinteoireachta; seomraí maoirseoir taighde; halla léachta; halla ceadail agus saoráidí coimhdeacha mic léinn agus foirne a sholáthar, ar nós seomraí coiteanna, spás ar leithligh agus spás oifige. 

Cuirfidh na saoráidí barrfheabhsaithe ar chumas an Acadaimh chun a acmhainneacht a fhairsingiú ar leibhéal fochéime agus iarchéime, mic léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta araon ina measc.  Is ionann an infheistíocht chaipitil mhór seo agus céim nua agus shainitheach i bhforbairt an Acadaimh a threiseoidh an cháil atá air mar phríomhimreoir ar an stáitse idirnáisiúnta.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá gliondar croí ar mo Roinn baint a bheith aige leis an tionscadal seo atá ar aon dul le haidhmeanna Éire Ildánach. Cuirfidh an tionscadal, ach go háirithe, le ceann de phríomhchuspóirí an chláir seo, go mbeidh teacht ar gach leanbh in Éirinn ar theagasc agus rannpháirtíocht san ealaín, ceol, drámaíocht agus códú faoin mbliain 2022. Mar gheall go bhfuil scóip ag an RIAM ar fud an dá chontae is tríocha trí 1,700 ionad áitiúil oideachas ceoil, cuirfidh an tionscadal seo le cuspóir eile Éire Ildánach - an Chruthaitheacht a Chumasú i nGach Pobal.

Anuas air sin, tá €70,000 á leithdháileadh ag Éire Ildánach faoin gciste Náisiúnta Cruthaitheachta do ‘Le Chéile’ chun roinnt ensemble ceoil a fhorbairt do cheoltóirí óga faoi mhíchumas i ngach cúige in Éirinn. Agus beidh Ceolfhoireann Oscailte na nÓg, an chéad cheolfhoireann daoine óga náisiúnta san AE do cheoltóirí faoi mhíchumas mar bhuaicphointe air.

Dúirt an tAire Mitchell O’Connor:

Léirítear luach agus meas fairsing ar an méid a chuir an RIAM le beatha oideachais agus chultúrtha na tíre seo ar feadh 170 bliain.  Trína líonra de 1,700 ionad áitiúil oideachas ceoil, tugann sé an ceol isteach i saol thart ar 40,000 duine óg fud fad na tíre gach bliain.  Óna áitreabh stairiúil ag Rae an Iarthair, cuireann sé oideachas ar mhic léinn i leith na gcaighdeán is airde de cheol a sheinm, ar leibhéal fochéime, iarchéime agus dochtúireachta ina measc.  Teastaíonn infheistíocht ón gcéad chéim eile d’fhorbairt an Acadaimh ina mbonneagar lena chinntiú gur féidir leis fairsingiú agus coimeád sna sála ar na caighdeáin a mbítear ag súil leo ó ardscoil cheoil a aithnítear go hidirnáisiúnta.

Ábhar mór sásaimh dom go bhfuil an tionscadal seo á chomhchistiú ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus go dtiomsófar 50% den chostas foriomlán ó dheontóirí príobháideacha. Ghlac an daonchairdeas le páirt thábhachtach, agus tá súil agam go leanfaidh sé leis an bpáirt sin a ghlacadh, lenár mbonneagar ardoideachais a fhorbairt.

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

  • Bunaíodh an RIAM in 1848 agus is é an institiúid cheoil is sine in Éirinn
  • Institiúid é an RIAM atá sa dá chontae is tríocha.
  • Áirítear leis an bhfoireann mhúinteoireachta go leor buaiteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta duaise anuas ar bhaill de Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta na hÉireann agus  Ceolfhoireann Cheolchoirme RTÉ.

Glacadh le mic an Acadaimh chun tabhairt faoi staidéar breise i roinnt de na hinstitiúidí ceoil is mó le rá, Scoil Juilliard i Nua-Eabhrac agus an Ceol-Acadamh Ríoga i Londain ina measc.