Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan ceapacháin ar Bhórd Mhusaem Náisiúnta na hÉireann (MNÉ)

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, inniu (19 Samhain 2018) an ceapachán ar Bhord Mhusaem Náisiúnta na hÉireann do:

  • Helen Shenton: Leabharlannaí agus Cartlannaí an Choláiste i gColáiste na Tríonóide
  • An Dr Linda King: Ball den fhoireann acadúil ag an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
  • An tUasal Paolo Viscardi: Coimeádaí sa Rannóg Stair an Dúlra MNÉ le saineolas i Zó-eolaíocht. Is é an tUasal Viscardi an t-ionadaí foirne ar an mBord. 

Tagann na ceapacháin i ndiaidh glaoch poiblí d'iarratais ar www.Stateboards.ie agus ansin cuireadh na hiarratais trí phróiséas measúnachta. Ceapadh an t-ionadaí foirne de réir an phróisis atá leagtha amach in Alt 19 san Acht na nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta, 1997. Tá téarma cúig bliana ag na ceapacháin go léir.

Ag labhairt faoi na ceapacháin, dúirt an tAire Madigan:

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháíl le Bean Uí Shenton, an Dr. King agus an tUasal Viscardi lena gceapacháin ar Bhord Mhusaem Náisiúnta na hÉireann agus taifead a dhéanamh ar mo bhuíochas dóibh as glacadh leis na rólanna riachtanacha seo.