Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan ceapachán an Uasail Dónall Curtin ar an gComhairle Ealaíon

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D. an ceapachán ar an gComhairle Ealaíon don Uasal Dónall Curtin do thréimhse cúig bliana ón 5ú Nollag 2018.
Leanann an ceapachán glaoch poiblí d'iarratais ar www.stateboards.ie agus próiseas measúnaithe.
Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Madigan: “Tá lúchair orm iarrthóir d'ardchaighdeán a cheapadh agus déanaim comhghairdeas ar Dhónall as a cheapachán. Is stiúrthóir boird agus ceannasaí gnó a bhfuil a lán taithí aige sna hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Tacaíonn Dónall go mór leis na healaíona, agus d'oibrigh sé le go leor eagraíochtaí in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus san Stáit Aontaithe mar urlabhraí agus mar chomhairleoir chun chur chun cinn a dhéanamh ar ról na n-ealaíon. Ba mhaith liom gach rath a ghuí air le linn a théarma agus mo bhuíochas a ghabháil leis as glacadh leis an ról tábhachtach seo.”