Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan ceapachán ar Bhord Amharclann na Mainistreach

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D. an ceapachán ar Bhord Amharclann na Mainistreach don Uasal Peter Lowry, Comhalta le Cuntasóirí Cáirte na hÉireann agus Comhpháirtí Bainistíochta le Lowry Chartered Accountants.

Leanann an ceapachán glaoch poiblí d'iarratais ar www.stateboards.ie. Is ceapachán trí bliana atá i gceist a chríochnófar i Mí Dheireadh Fómhair 2021.

Ag labhairt faoin gceapachán, dúirt an tAire Madigan: ‘‘Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar an Uasal Lowry le linn a théarma agus mo bhuíochas a ghabháil leis as glacadh leis an ról tábhachtach seo."

Nótaí don Eagarthoir:

Is é Amharclann na Mainistreach Amharclann Náisiúnta na hÉireann. Le hinspiorád ó idéil réabhlóideacha dá bunaitheoirí agus a canóin shaibhir do scríbhneoireacht dhrámatúil na hÉireann, is í aidhm Amharclann na Mainistreach ná bheith páirteach le pobal na hÉireann ar fad trí dhrámaíocht nua, uaillmhianach, mhisniúil a chruthú. Geallann Amharclann na Mainistreach go dtabhairfaidh sé ceannaireacht in insint scéal iomlán na hÉireann, i mBéarla agus i nGaeilge, agus dearbhaíonn sí gur amharclann í d'oileán Éireann ar fad agus dá muintir. Cuireann Amharclann na Mainistreach cuimsitheacht, éagsúlacht agus comhionannas chun chinn i ngach saothar. Chonacthas saothair do dhrámadóirí iomráiteacha na hÉireann ar nós J.M. Synge, Sean O'Casey agus Teresa Deevy don chéad uair ar ardán Amharclann na Mainistreach. Bhí clasaicí comhaimseartha ó Sebastian Barry, Marina Carr, Brian Friel, Thomas Kilroy, Frank McGuinness, Tom Murphy agus Mark O'Rowe le feiceáil ann chomh maith. Le blianta beaga anuas bhí an deis ag lucht féachana Éireannach agus idirnáisiúnta saothair ón gcéad ghlúin eile a fheiceáíl: Stacey Gregg, Nancy Harris, David Ireland, Owen McCafferty, Phillip McMahon, Elaine Murphy, Michael West agus Carmel Winters.

Cé nách Bórd Stáit í Amharclann na Mainistreach, rinne sí an cinneadh glacadh le hábhar an Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú go foirmeálta, ionas go gcloífeadh sí le dea-chleachtas.