Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan ceapachán ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (ANEE)

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, inniu (19 Samhain) an t-athcheapachán d'Iníon Emma Goltz ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Is ceapachán cúig bliana atá i gceist.

Ceapadh Iníon Goltz ar an mBord don chéad uair ar 21 Samhain 2013 agus áthcheapadh í de bhun na Treoirlínte um Cheapacháin chuig Boird Stáit.

Ag labhairt faoin athcheapachán, dúirt an tAire Madigan: ‘

Ba mhaith liom comhghairdeas a ghabháil le hIníon Goltz as a athcheapachán ar Bhord Áras Nua-Ealaíne na hÉireann agus taifead a dhéanamh ar mo bhuíochas di as a cuid taithí a thairiscint don Áras.