Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan dáta agus suíomh de Chuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir na bliana seo

Inniu (Dé hAoine) d’fhógair Josepha Madigan TD, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir go mbeidh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir ar siúl an Domhnach 19 Bealtaine 2019 i gCathair Shligigh. 

 

Is é seo an tríú huair a reáchtáiltear an Cuimhneachán Stáit i gConnacht. Leis an searmanas tabharfar an deis do mhuintir Shligigh onóir a thabhairt do chuimhne na ndaoine ar cailleadh nó ar éalaigh óna gcalafort chun saol nua a chruthú agus beidh bratach náisiúnta agus onóracha míleata ann roimh an mbuaicphointe de shearmanas sollúnta de chur na bláthfhleisce.

 

Tabharfar cuireadh do scoileanna ar fud na tíre nóiméad ciúnais a reáchtáil an Aoine 17 Bealtaine i gcuimhne orthu siúd ar cailleadh nó a d'fhulaing caillteanas le linn an ghorta agus tabharfar cuireadh d'eagraíochtaí spóirt nóiméad ciúnais a reáchtáil ag imeachtaí spóirt agus imeachtaí poiblí a bheidh ar siúl ar lá an Chuimhneacháin.

 

Ag labhairt inniu dúirt an tAire Madigan:

 

“Is é seo an 12ú bliain as a chéile ina reáchtáiltear Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir agus le gach cuimhneachán tugadh deis dúinn ómós a thabhairt do chuimhne na ndaoine ar cailleadh nó a bhí ag fulaingt le linn an ama dhobrónaigh sin. "

 

Lean sí ar aghaidh

 

“Tá an rogha de Shligeach mar óstach do Chuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir 2019 thar a bheith suntasach mar gheall ar neart an nasc stairiúil a bhí aige leis an nGorta Mór. Tháinig laghdú d’aon trian ar dhaonra Chontae Shligigh idir 1841 agus 1851, chuaigh iad siúd nár cailleadh mar gheall ar ocras ná mar gheall ar ghalar, ar imirce. Leis an gCuimhneachán seo, tabharfar onóir don ghlúin chaillte, a fuair bás nó a chuaigh ar imirce le linn an ama seo. Tá mo Roinn agus táim féin ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Contae Shligigh agus leis an bpobal áitiúil, chun cuimhneachán oiriúnach den Ghorta a sheachadadh. "

 

Chuir an tAire Madigan a buíochas in iúl freisin maidir le hobair chomhaltaí Choiste Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir as a dtiomantas chun a chinntiú go ndéantar cuimhne chuí ar imeachtaí tubaisteacha an Ghorta Mhóir agus go ndéantar rannchuidiú iontach na ndaoine a chuaigh ar imirce agus a sliocht iomadúil thar lear, a cheiliúradh i gceart. 

 

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Shligigh, an Comhairleoir Martin Baker, 'Is onóir do Shligeach an phribhléid a bheith againn searmanas Cuimhneacháin Náisiúnta an Ghorta Mhóir a óstáil.  Beimid i ndlúth-theagmháil le roinn an Aire agus beimid rannpháirteach lenár bpobal áitiúil chun a chinntiú go dtugtar léargas oiriúnach den tréimhse thragóideach seo inár stair sa searmanas. '