Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan go mbeidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór 2018 ar siúl i Melbourne i mí Dheireadh Fómhair

Tá Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Cathaoirleach ar Choiste Chuimhneáchán Náisiúnta an Ghorta Mhóir, tar éis a fhógairt go mbeidh Cuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór 2018 ar siúl i Melbourne ar an Domhnach, 28 Deireadh Fómhair 2018. Déanfaidh Patrick O’Donovan, an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais agus sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, ionadaíocht don Rialtas.

Agus na socruithe do Cuimhneachán idirnáisiúnta na bliana seo a dheimhniú aici, dúirt an tAire Madigan:

Mar Chathaoirleach ar Choiste Chuimhneachán Idirnáisiúnta an Ghorta Mhóir, táim ag tnúth leis an gCuimhneachán Idirnáisiúnta ar an nGorta Mór a bheidh á reáchtáil i Melbourne ar ócáid an fichiú searmanas cuimhneacháin bliantúil ag Carraig an Ghorta Mhóir in Williamstown.


Tá sé feiliúnach go háirithe, tar éis do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh Cuimhneachán Náisiúnta an Ghorta Mhóir a reáchtáil i mí Bealtaine, go mbeidh an cuimhneachán thar lear i mbliana á reáchtáil i Melbourne ós rud é go bhfuil ceangail stairiúla láidre ann idir Melbourne agus Corcaigh. Is in Iosta an Rialtais ar Shráid William i Melbourne a rinneadh próiseáil ar 1,700 de na 4,412 bhean óga agus chailín Éireannacha, a bhí sa tóir ar an dóchas agus ar thús urnúa agus ar as Contae Chorcaí go leor díobh, a thaistil ó thithe na mbocht in Éirinn idir 1848 agus 1850 faoi Scéim an Iarla Grey.


Deis is ea cuimhneachán na bliana seo urraim a thabhairt don obair atá ar bun ag Pobal na hÉireann i Melbourne chun a stair a chaomhnú ach deis is ea é freisin omós ar leith a thabhairt do chuimhne na mban óg seo agus an méid a rinne siad don dúiche nua ar chuir siad futhu ann.

Is é seo an dara huair don chuimhneacháin a bheith á reáchtáil san Astráil. D’fhreastail an tAire Jimmy Deenihan. ar chuimhneachán 2013 i Sydney. Reáchtáladh naoi n-ócáid chuimhneacháin idirnáisiúnta ar an nGorta Mór go dtí seo. Ó reachtáladh an chéad chuimhneachán idirnáisiúnta i Toronto agus Quebec in 2009, cuireadh imeachtaí ar siúl i gCeanada, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus sa Ríocht Aontaithe freisin.