Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan gur foilsíodh treoir Shainghrúpa Chomhairleach Dheich mBliana na gCuimhneachán (1919 – 1923)

D’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, T.D., inniu (an 8 Eanáir) conas a bheartaíonn an Rialtas tabhairt faoi chlár cuí a fhorbairt chun na himeachtaí agus na téamaí tábhachtacha stairiúla a thabhairt chun cuimhne i gcaitheamh na tréimhse atá fágtha i nDeich mBliana na gCuimhneachán (2019 – 2023).
Ag a chéad cruinniú comhaireachta an tseachtain seo caite, thug an Rialtas chun suntais an rath a bhí ar chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán go dtí seo, go háirithe na cuimhneacháin a rinne comóradh céad bliain ar Éirí Amach na Cásca 1916, an Chéad Chogadh Domhanda agus cearta vótála do mhná a thabhairt isteach agus an ceart atá acu seasamh i dtoghcháin pharlaiminteacha. Thug an Rialtas chun suntais, chomh maith, an cur chuige foriomlán i leith cuimhneachán i gcaitheamh na tréimhse atá fágtha i nDeich mbliana na gcuimhneachán (2019 - 2023). D’fhorbair an tAire Madigan an cur chuige seo agus aird ar na prionsabail a leagtar amach i nDara Ráiteas an tSainghrúpa Chomhairligh Cuimhneachán Céad Bliain a foilsíodh i nDeireadh Fómhair 2017 agus ar an treoir shonrach is déanaí ón nGrúpa seo, a d’fhorbair sé in 2018 i ndiaidh próiseas comhairliúcháin phoiblí.
Is é cuspóir Chlár Cuimhneacháin an Stáit do na blianta ó 2019 go 2023 a chinntiú go ndéantar an tréimhse chasta seo inár stair, an Streachailt chun an Neamhspleáchas a bhaint amach, an Cogadh Cathartha, Bunú an Stáit agus Deighilt ina measc a thabhairt chun cuimhne go cuí, go comhréireach, le meas agus le híogaireacht. Tá de chuspóir aige tuiscint níos doimhne a chothú ar na himeachtaí tábhachtacha a thit amach i rith na tréimhse seo agus aithníonn sé gur chruthaigh eispéireas comhroinnte na mblianta siúd scéalta agus cuimhní an-éagsúla. Ina theannta sin, cuirfidh sé i gcuntas íogaireacht i measc pobal i dTuaisceart Éireann agus leanfaidh sé lena aithint gurb ann go fóill do pheirspictíochtaí an-éagsúla i leith go leor de na himeachtaí seo.
Beidh an Clár seo bunaithe ar cur chuige ceithre shnáithe, ina gcuimsítear an méid seo a leanas:
• Snáithe Searmanas Stáit ina gcuimseofar líon teoranta gníomhartha siombalacha de chuimhneachán náisiúnta a dhíríonn ar théamaí an chuimhnimh agus an athmhuintearais agus ar chuimhneachán a dhéanamh orthu siúd go léir a maraíodh i rith na tréimhse seo.
• Snáithe Stairiúil ina gcuimseofar réimse éagsúil gníomhaíochtaí atá in ainm is fiosrúchán ceart a spreagadh faoin tréimhse seo agus an úsáid a bhaintear as príomhfhoinsí cartlainne a chur chun cinn. Forbrófar tionscnaimh i gcomhoibriú le comhpháirtithe Stáit, Forais Náisiúnta Chultúrtha, institiúidí foghlama agus páirtithe leasmhara eile.
• Snáithe Pobail, ina mbeidh cur chuige comhoibritheach i gceist – cosúil leis sin ar glacadh leis don chuimhneachán céad bliain ar 1916 – idir an Stát, an líonra údarás áitiúil agus eagraíochtaí pobail, i dTuaisceart Éireann ina measc, sa chás gur cuí.
• Snáithe Samhlaíochta Cruthaithí, a leanfaidh le léiriú ealaíonta agus cruthaitheach a spreagadh i gcuimhne ar na himeachtaí tábhachtacha stairiúla a thit amach sa tréimhse ó 1919 go 1923 agus orthu siúd go léir a maraíodh.
Cuirfidh an tAire sonraí breise faoi bhráid an Rialtais, de réir mar a chuirtear pleananna chun cinn.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire: “Táim tiomanta do chinntiú go mbeidh cur chuige an Stáit i leith cuimhneamh orthu siúd go léir a maraíodh i rith na Streachailte don Neamhspleáchas, agus na himeachtaí agus téamaí tábhachtacha a bhaineann leis an tréimhse seo, bunaithe ar an gcur chuige measúil, íogair, comhréireach agus ceart atá mar shaintréith de chlár cuimhneacháin Dheich mBliana na gCuimhneachán.
“Nuair a bheidh na himeachtaí éagsúla cuimhneacháin á bpleanáil, leanfaidh an Sainghrúpa Comhairleach Cuimhneachán Céad Bliain, a bhfuil an Dr Maurice Manning ina chathaoirleach air, ag dul i gcomhairle leis an Rialtas agus ag tacú leis, agus is amhlaidh a dhéanfaidh an Grúpa Comhairliúcháin Uile-Pháirtí Cuimhneachán, a thionóil mé arís eile le déanaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Sainghrúpa Comhairleach as a Thuarascáil Treorach a d’fhoilsigh mé inniu.”
Tá an Treoir ón Sainghrúpa Comhairleach ar Chuimhneachán Céad Bliain ar fáil anseo.