Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan maoiniú chun digitiú a dhéanamh ar thionscadal “Chláir Pharóiste Eaglais na hÉireann” faoin Scéim Dhigitithe chultúrtha

Tá fógartha inniu ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., go bhfuil maoiniú caipitil suas le €100,000 á thabhairt chun digitiú a dhéanamh ar Chláir Pharóiste Eaglais na hÉireann faoin Scéim Dhigitithe chultúrtha. Tá taifid na gclár sin, a dtéann cuid díobh chomh fada siar le tús an seachtú haois déag, i seilbh Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath.

Tá cláir bhaiste, póstaí agus adhlacthaí ó paróistí de chuid Eaglais na hÉireann i seilbh Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise. Cuimsíonn na cláir sin 1,110 taifead paróiste, agus i gcás thart ar 840 díobh sin, tá taifid phoiblí éagsúla iontu nach ndearnadh digitiú orthu go fóill.  Is féidir leas a bhaint as na taifid seo, nach a bhfuil a macasamhail eile ann, chun eolas a fháil maidir le gaolta teaghlaigh chun críocha éagsúla dlí, leighis, sóisialta agus taighde. Tá réimse leathan ábhar sóisialta agus creidimh ag baint le Cláir Pharóiste Eaglais na hÉireann; mar example, tá an t-iarUachtarán ar SAM, Barack Obama, ar dhuine de scata uachtarán ar SAM a bhfuil oidhreacht Protastúnaigh Éireannaigh aige. 

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Madigan:

Is cúis áthais dom maoiniú a chur ar fáil do thionscadal Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise, a bhfuil sé mar aidhm aige digitiú a dhéanamh ar Chláir Pharóiste Eaglais na hÉireann, mar chuid de Scéim Dhigitithe chultúra níos leithne.

Mar thoradh ar an tionscadal digitithe seo, beidh ar chumas daoine ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain go léir féachaint ar na taifid seo nach bhfuil a macasamhail eile ann agus a chuireann eolas tábhachtach ar fáil maidir le stair na hEaglaise.

Is bealach tábhachtach é digitiú den chineál seo chun nasc a dhéanamh lenár nDiaspóra - a mheastar ag tuairim is 70 milliún duine ar fud na cruinne - agus, dá réir sin, spreagann sé turasóireacht chultúrtha.

Dúirt an Dr Susan Hood, Leabharlannaí agus Cartlannaí Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise: 

Tá Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise an-bhuíoch as an ngealltanas seo don tionscadal chun digitiú a dhéanamh ar chláir pharóiste Eaglais na hÉireann. Cuirfidh sé ar ár gcumas tabhairt faoin dúshlán ollmhór na taifid seo a chur ar fáil do chách, trí mhacasamhla digiteacha a dhéanamh de na buntaifid (a bhfuil cuid díobh i measc na dtaifead is sine den chineál sin dá bhfuil in Éirinn) agus éascófar caomhnú fadtéarmach na mbunchóipeanna dá réir.

Is dea-scéal é seo don Leabharlann agus freisin don Eaglais i gcoitinne agus go deimhin do ghlúine na cléire agus na gcoimeádaithe taifead a raibh cúram choimeád na dtaifead sin orthu. Cuideoidh an trealamh íomháithe ceart agus an tacaíocht theicniúil chuí, a mbeidh fáil againn orthu a bhuí leis an maoiniú seo, linn tabhairt faoi íomháú a dhéanamh ar bhailiúcháin de chláir pharóiste atá i seilbh na Leabharlanna cheana féin.