Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan maoiniú de €1m don Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta roimh oscailt oifigiúil Fhéile Ceoldrámaíochta Loch Garman 2018

D’fhógair Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, deontas caipitil de €1m don Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta , roimh oscailt oifigiúíl Fhéile Ceoldrámaíochta Loch Garman 2018 - ina gcuirfear ceoldrámaí, ceolchoirmeacha, ceadail agus comhráití i láthair thar seacht lá déag.

Thug an Rialtas aitheantas don tábhacht a bhaineann leis an bhFéile, agus an t-ionad ina gcuirtear ar siúl í, nuair a tugadh €32m mar thacaíocht ón Státchiste chun Áras Ceoldrámaíochta Loch Garman - Áras Náisiúnta Ceoldrámaíochta an lae inniu - a thógáil ar an láthair ar a sheas an Amharclann Ríoga tráth dá raibh.

Ar an ábhar sin, d’fhógair an tAire Madigan maoiniú breise caipitil:

Tuigim go maith go bhfuilimid ag ceiliúradh 10 mbliana ó osclaíodh an tÁras Ceoldrámaíochta iontach seo i mbliana. Agus cé go bhfuil cuma chomh maith chéanna ar an halla seo agus a bhí an chéad lá ar osclaíodh é, is eol dúinn go léir gur gá infheistiú i dteach ar bith chun go mbeadh bail mhaith air. Mar sin, is cúis áthais dom a fhógairt anocht go mbeidh infheistíocht de €1m á déanamh ag mo Roinn le haghaidh oibrithe athnuachana agus athchóirithe thar na trí bliana atá romhainn chun an infheistíocht shuntasach a rinne an Stát san fhoirgneamh seo a chosaint agus chun a chinntiú go leanfaidh an tÁras Náisiúnta Ceoldrámaíochta ar aghaidh ag feidhmiú ar ardchaighdeán go ceann na mblianta fada.

Ag déanamh trácht ar an bhfógra sin, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhéile Ceoldrámaíochta Loch Garman agus an Árais Ceoldrámaíochta Náisiúnta, David McLoughlin,

Táimid thar a bheith buíoch don Aire agus dá Roinn as infhestíocht an Rialtais sa tsóchmhainn uathúil náisiúnta cultúir seo a chur ar fáil i gcónaí agus as cur leis an infheistíocht sin. Cuirfidh an maoiniú ilbhliantúil seo ar ár gcumas infheistíocht a dhéanamh i gcreatlach an ionaid ghalánta seo agus cothabháil a dhéanamh ar an gcaighdeán den scoth a bhaineann leis an Áras Ceoldrámaíochta, chun go mbeidh sé ag teacht leis an stádas náisiúnta atá aige. Cuirfidh an infheistíocht seo, i ngné ríthábhachtach de bhonneagar cultúir na tíre, go díreach le heispéireas an lucht féachana agus na n-ealaíontóirí a ghlacann páirt i dtaibhithe ildisciplíneacha san ionad ó cheann ceann na bliana.

Ó bunaíodh í, tugann an Fhéile seo ardán ar leith do lucht féachana a thagann ó cheithre cneasa an domhain chun seoid ceoldrámaíochta nach bhfeictear ná nach dtaibhsítear go minic, a bhfuil caighdeáin taibhithe agus léirithe den chéad scoth ar fáil iontu, a fheiceáil.

Bíonn cion tairbhe eacnamaíochta ag Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman don gheilleagar ar leibhéal áitiúil agus ar leibhéal náisiúnta. Tá sí i measc ceann de na hócáidí cultúir is mó le rá in Éirinn agus spreagann sí turasóireacht cultúir ar scála mór, mar go dtagann os cionn aon trian dá lucht féachana bliantúil ó thíortha thar lear. Tugtar maoiniú deontais poiblí bliantúil don Fhéile – tríd an gComhairle Ealaíon – agus is é €1.45m an méid a tugadh ina leith in 2018.

Ar bhonn idirnáisiúnta, deis iontach is ea an Fhéile chun tallann taibhithe úr atá ag teacht chun cinn a aimsiú ó thíortha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin cuirtear bliain i ndiaidh bliana leis an gcáil atá ar Loch Garman mar ardán suntasach a bhfuil an meas air agus ar tús maith gairme é do mhór-réaltaí idirnáisiúnta ceoldrámaíochta na todhchaí. Cuireann léitheoirí fhoilseachán údarásach Frommer an Fhéile sa tríú háit ar an liosta de na cinn scríbe a bhfuil an tóir is mó ag lucht na ceoldrámaíochta orthu, agus ainmníodh í dhá bhliain as a chéile don Fhéile Ceoldrámaíochta is Fearr ag na Gradaim Idirnáisiúnta Ceoldrámaíochta – agus bhuaigh Féile Ceoldrámaíochta Loch Garman 2017 an duais don Fhéile Ceoldrámaíochta is Fearr ar Domhan ag Gradaim Idirnáisiúnta Ceoldrámaíochta 2017.

Chomh maith leis sin, ghabh an tAire Madigan buíochas le gach duine a bhfuil baint acu leis an bhFeile agus a chinntíonn gur ócáid shuntasach ar an bhféilire bliantúil cultúir í.

Ag labhairt di roimh an oscailt oifigiúil, dúirt an tAire Madigan:

I gcúrsaí ceoldrámaíochta, is ceannaire domhanda é Loch Garman. I gcúrsaí ealaíon, cuireann Loch Garman sársaothair an náisiúin i láthair. Tuigeann an Rialtas seo go maith an méid sin agus leanfaidh sé air ag tacú go mór leis na healaíona. Tá gealltanas poiblí tugtha ag an Taoiseach an maoiniú don chultúr agus do na healaíona a mhéadú faoi dhó faoi 2025 agus an tseachtain seo caite i gCáinaisnéis 2019, ba chúis áthais dom an maoiniú do na healaíona agus don chultúr a mhéadú faoi níos mó ná €22m. Áirítear sa mhéid sin an méadú faoi dhó ar an maoiniú don Chomhairle Ealaíon faoi €6m go €75m agus cuideoidh sé sin leis an gComhairle Ealaíon tacú leis an gceoldrámaíocht an bhliain seo chugainn.

Chomh maith leis sin, ghabh an tAire Madigan buíochas le stiúrthóir ealaíne na Féile, David Agler, le bord na Féile agus le gach duine a bhfuil baint acu leis an bhFeile agus a chinntíonn gur ócáid shuntasach ar an bhféilire bliantúil cultúir í.