Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan maoiniú deontais do thionscnaimh áitiúla caomhantais agus feabhsaithe tailte móna faoi scéim phíolótach

D’fhógair Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil maoiniú deontais de bheagnach €137,000 do dhá ghrúpa agus eagraíocht pobail áitiuil déag faofa aici chun tabhairt faoi thionscadail éagsúla a bheidh dírithe ar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha agus limistéir eile ar phortaigh ardaithe a chaomhnú agus a athbheochan in 2018. 

Nuair a d’fhógair sí an maoiniú inniu, dúirt an tAire gur chúis áthais di an réimse éagsúil tionscnamh a bhí á gcur chun cinn ag na grúpaí pobail agus eagraíochtaí comhshaoil gníomhacha seo faoi chlár píolótach Scéim Gníomhaíochta Pobail na dTailte Móna. Tacóidh an maoiniú seo leis an obair atá ar bun ag Fóram Pobail na mBogach, le forbairt súilbhealaí agus cuarchosán timpeall na bportach, le háiseanna do chuairteiorí i bhfoirgnimh pobail áitiúil, le feabhsúcháin ar chonláistí pobail áitiúil agus le hoibreacha athchóirithe ar limistéir na bportach ardaithe.

Dúirt an tAire freisin,

Aithním an infhestíocht atá á déanamh ag pobail áitiúla ina gceantair agus na hiarrachtaí atá ar bun acu chun an timpeallacht nádúrtha a chaomhnú agus a chosaint. Tá sé i gceist agam leanúint le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí den chineál céanna amach anseo.