Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan maoiniú deontais do thionscnaimh áitiúla caomhantais agus feabhsaithe tailte móna faoi scéim phíolótach

D’fhógair Josepha Madigan T.D., an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, inniu (19 Meán Fómhair 2018) go bhfuil maoiniú deontais de bheagnach €137,000 do dhá ghrúpa agus eagraíocht pobail áitiuil déag faofa aici chun tabhairt faoi thionscadail éagsúla a bheidh dírithe ar Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta, Limistéir Oidhreachta Nádúrtha agus limistéir eile ar phortaigh ardaithe a chaomhnú agus a athbheochan in 2018.      

                     

Nuair a d’fhógair sí an maoiniú inniu, dúirt an tAire gur chúis áthais di an réimse éagsúil tionscnamh a bhí á gcur chun cinn ag na grúpaí pobail agus eagraíochtaí comhshaoil gníomhacha seo faoi chlár píolótach Scéim Gníomhaíochta Pobail na dTailte Móna. Tacóidh an maoiniú seo leis an obair atá ar bun ag Fóram Pobail na mBogach, le forbairt súilbhealaí agus cuarchosán timpeall na bportach, le háiseanna do chuairteiorí i bhfoirgnimh pobail áitiúil, le feabhsúcháin ar chonláistí pobail áitiúil agus le hoibreacha athchóirithe ar limistéir na bportach ardaithe.  Dúirt an tAire freisin, “Aithním an infhestíocht atá á déanamh ag pobail áitiúla ina gceantair agus na hiarrachtaí atá ar bun acu chun an timpeallacht nádúrtha a chaomhnú agus a chosaint. Tá sé i gceist agam leanúint le tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí den chineál céanna amach anseo.”

Críoch

 

Teagmhálaí do na Meáin:

An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

An Oifig Preasa agus Faisnéise

Teil: 087 6737338 / (01) 631 3803 / 3807 / 3838 / 3848 / 3909 (direct)

Ríomhphost: press.office@chg.gov.ie

Suíomh Gréasáin: www.chg.gov.ieTwitter: @DeptAHG

 

Chun díliostáil ó na ríomhphoist seo, cliceáil ANSEO.

 

 

Nóta Eagarthóra

 

Deontais a Bronnadh - Clár Píolótach Scéim Gníomhaíochta Pobail na dTailte Móna 2018

 

Eagraíocht

Láthair

Cur Síos ar an Tionscadal

Deontas a Bronnadh

Looscaun Shannonside Rural Development Group.

Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCSanna) Phortach Chluain Maoláin agus Phortach Bharr Uachtair, Co.  na Gaillimhe.

Gníomh féidearthachta maidir le cosáin siúil agus rothaíochta a fhorbairt agus oibreacha feabhsúcháin ar bhóthar an phortaigh áitiúil

€26,702.50

Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCS) Phortach Cheathrú na gCapall, Co. na Gaillimhe

Ionad oideachais do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile agus oibreacha feabhsúcháin ar bhóthar an phortaigh.

€15,000

Fóram Pobail na mBogach (faoi scáth Irish Rural Link).

I measc chomhaltaí an Fhóraim tá: Portach Mhainistir Laoise, Co. Laoise, Bogach na Cabraí, Co. Thiobraid Árann, Limistéar Oidhreachta Nádúrtha (LON) Mhóin na Scothaí Buí, Co. Thiobraid Árann, LCS Phortach Chlóirthigh, Co. Uíbh Fhailí, Anaclann Dúlra Ounamoun, Co. an Longfoirt, Portach na Dromainne, Co. Cheatharlach, LCS Phortach na Greallaí, Co. na Mí. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ag www.communitywetlandsforum.ie/

Oifigeach forbartha páirt-aimseartha a cheapadh chun Plean Straitéiseach Fhóram Pobail na mBogach 2017-2020 a chur chun feidhme.

 

€25,000

Glenamaddy Tidy Towns.

LCS Phortach Loch Loirgín/Thurlach Ghleann na Madadh.

Staidéar féidearthachta maidir le siúlbhealaí agus cosáin lúbtha a dhearadh.

€12,500

Gorthaganny Community Development Ltd.

LSC Phortach Cheathrú Bheithí/na Ceachrach, Co. Ros Comáin

Áiseanna léirmhíniúcháin ag Halla Pobail Ghort an Ghainnimh agus le haghaidh comharthaíochta agus bínsí agus oibreacha feabhsúcháin ar bhóthar an phortaigh áitiúil.

€20,315

Kilteevan Tidy Towns.

Cuarchosán Chluain Láir, Co. Ros Comáin.

Oibreacha feabhsúcháin ar bhóthar an phortaigh, comharthaíocht, boscaí do scréachóga reilige, agus cártaí beannachta, cártaí poist agus féilirí a phriontáil.

€17,000

ETHOS – Everything Tyrrellspass Has on Show.

Limistéar Oidhreachta Nádúrtha (LON) Phortach Chluain Cró (Foraois Nua), Co. na hIarmhí.

Suirbhé fótagrafach agus taispeántas fótagraphach ar flora agus fauna na bportach áitiúil.

€750

Comhairle Caomnaithe Thailte Móna na hÉireann

LON Phortach na Greallaí, Co. na Mí

Oiliúint phobail agus taispeántas den teicníc athchóirithe aistrithe Sfagnaim do ghnáthóga talún móna.

€3,900

Mount Allen Residents.

Portach ardaithe Mhoin Aillionn, Co. Ros Comáin.○

Measúnú éicihidreolaíoch ar phortach ardaithe Mhoin Aillionn

€2,000

Clooncraff Residents.

Portach Chluain Creamha (cuid de LCS Loch Rí), Co. Ros Comáin

Oibreacha feabhsúcháin bóthair agus bínsí a chur isteach ag Portach Chluain Creamha.

€4,952

Ballygar Tidy Towns.

LON Phortach Bhéal Átha Ghártha, Co. na Gaillimhe

Clár léachtaí agus imeachtaí praiticiúla (lena n-áirítear feachtas in aghaidh an bhruscair, glantachán, agus suirbhéanna bonnlíne) mar aon le sraith bileog eolais maidir le flora agus fauna na bportach áitiúil a tháirgeadh.

€1,500

St. Killians Heritage Trust.

LCS Phortach Choill Chonnaidh, Co. an Chabháin.

Comharthaíocht agus athoiriúnú an Seomra Staire ag ionad cuairteoirí Naomh Cillian, lena n-áirítear cumhdach ballaí agus painéil faisnéise.

€6,931

 

 

Tá tuilleadh sonraí agus Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne (SPNF) ag:

https://www.npws.ie/peatlands-and-turf-cutting/peatlands-community-engagement-scheme