Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan maoiniú €10,000 le haghaidh gach údarás áitiúil i 2019 faoi Shraith an Phobail de chlár comórtha Dheich mBliana na gCuimhneachán

D'fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan T.D., maoiniú €10,000 le haghaidh gach údarás áitiúil i 2019, chun tacú lena ról i bhforbairt ghníomhaíochtaí comórtha ag leibhéal an chontae faoi Shraith an Phobail den chlár Deich mBliana na gCuimhneachán.

 

Soláthróidh an cur chuige comhoibríoch seo idir an Stát, líonra na n-údarás áitiúil agus eagraíochtaí pobail struchtúr tacaíochta chun a chinntiú go gcoinneofar i gcuimhne na himeachtaí suntasacha agus an-phearsanta a tharla idir 1919 agus 1923 ar bhealach ómósach, cuimsitheach agus cothrom. Aithníonn sé nach mór a bheith íogair don chomhthéacs stairiúil áitiúil agus nárbh ionann taithí dhuine ar bith le linn na troda le haghaidh Neamhspleáchais agus an Chogaidh Chathartha - laistigh de chontaetha nó ar fud oileán na hÉireann. Tá sé beartaithe rannpháirtíocht ó gach traidisiún agus pobal ar an oileán a éascú agus aithníonn sé tábhacht na scéalta agus na dtaithí áitiúla.

 

Dúirt an tAire Madigan

 

Agus muid ag teannadh ar an gcéim is dúshlánaí agus is íogaire de Dheich mBliana na gCuimhneachán, lena n-áirítear an Troid le haghaidh Neamhspleáchais agus an Cogadh Cathartha agus téamaí gaolmhara, tá sé beartaithe agam leanúint leis an gcur chuige comhoibríoch idir an Stát, na húdaráis áitiúla agus na heagraíochtaí pobail, atá ag obair go héifeachtach go dtí seo. Beidh ceannaireacht mhachnamhach agus íogair na n-údarás áitiúil ríthábhachtach chun tacú leis an gcomhrá náisiúnta faoin tréimhse seo trí rannpháirtíocht, machnamh agus díospóireacht atá freagrach, cuimsitheach agus iontaofa do shaoránaigh a spreagadh, rud atá ómósach ar an gcomhthéacs áitiúil. Is í an aidhm atá agam ná struchtúr tacaíochta a sholáthar a chinntíonn go gcoinnítear i gcuimhne na himeachtaí suntasacha agus pearsanta seo i gcontaetha agus i bpobail ar bhealach tomhaiste agus neamhpháirtíneach a ghlacann le dearcthaí difriúla maidir lenár stair roinnte agus a chuireann cuimhní agus athmhuintearas chun cinn.

 

Is é cuspóir an mhaoinithe seo ná cabhair agus tacaíocht a thabhairt do gach údarás áitiúil agus gníomhaíochtaí comórtha á bhforbairt acu, lena n-áirítear:

 

-          Tuiscint níos doimhne ar pheirspictíochtaí difriúla a chur chun cinn maidir leis an tréimhse íogair agus dhúshlánach seo inár stair roinnte, agus cuimhní ómósacha ar gach duine a d'fhulaing agus a bhásaigh;

-          Tacú le rannpháirtíocht chuí na gcoistí comórtha áitiúla agus an phobail áitiúil níos leithne a mhéid is féidir;

-          Éagsúlacht shaibhir tionscnamh comórtha a sholáthar i ngach contae chun imeachtaí stairiúla agus téamaí gaolmhara na tréimhse seo agus a n-oidhreacht agus a dtionchar ar phobail áitiúla a thabhairt chun cuimhne; agus

-          Gníomhaíochtaí comórtha a fhorbairt atá oiriúnach, tomhaiste, ómósach, cuimsitheach, agus iontaofa, le fíorchumas daoine ó aoiseanna agus peirspictíochtaí éagsúla a chur ag plé rudaí.

 

Beidh fóram speisialta d’údaráis áitiúla ar bun an 13 Márta, rud a thabharfaidh deis iontach d'údaráis áitiúla a dtaithí, foghlaim agus comhairle a roinnt lena chéile mar a thugann siad aghaidh ar fhorbairt a gcuid pleananna imeachtaí na Troda le haghaidh Neamhspleáchais agus an Cogadh Cathartha a thabhairt chun cuimhne. I measc na gcainteoirí beidh an Dr Maurice Manning agus an Dr Martin Mansergh - Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach an Sainghrúpa Comhairleach maidir le Deich mBliana na gCuimhneachán - a raibh a treoir thar a bheith cabhrach do chur chuige an Stáit maidir le Deich mBliana na gCuimhneachán a chomóradh.