Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Madigan sonraí maidir le pacáiste cáinaisnéise €339 milliún do 2019 don Chultúr, don Oidhreacht agus don Ghaeltacht

Forbairt ar chláir ‘Cruthaitheacht sa Phobal’ de chuid Éire Ildánach

  • Ambasadóirí Cultúir a chruthú ar fud an domhain
  • Síneadh le cur le tréimhsí oscailte séasúracha na bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclann Dúlra
  • Méadú ar chruthú post i gceantair Ghaeltachta

Tá tuilleadh sonraí fógartha ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, agus ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, maidir leis an maoiniú breise os cionn €36m a tugadh i gCáinaisnéis 2019 dár gcultúr, teanga agus oidhreacht.

Maoiniú iomlán de €339m - ar méadú 12% ar 2018 é - €21m i gcaiteachas caipitil (méadú 39% ar 2018) agus €15m i gcaiteachas reatha (méadú 6%).

Mar thoradh ar an méadú seo ar leithdháiltí caipitil , beifear in ann Plean Caipitil €1.2bn 10 mbliana an Rialtais, ‘Infheistíocht inár gCultúr, inár dTeanga & inár nOidhreacht 2018-2027’ a chur i bhfeidhm, agus beifear in ann tacaíochtaí breise a thabhairt do chomhlachtaí, cláir agus daoine aonair ar fud a sainchúraim freisin.

Buaicphointí Cháinaisnéis 2019:

Cultúr

Beidh méadú €22.6m ar an maoiniú iomlán d’earnáil na n-ealaíon agus an chultúir in 2019 go beagnach €190m - méadú 14% ar 2018. Cuimseoidh an maoiniú seo €148.2m i gcaiteachas reatha agus €41.7m in infheistíocht chaipitil. Seo a leanas na príomhréimsí:

  • Tá méadú nach mór €6.8m nó 10% ar an maoiniú don Chomhairle Ealaíon, agus is ionann sin agus maoiniú iomlán €75m - lena n-áirítear os cionn €6m i gcaiteachas reatha, arb ionann é agus dhá oiread an mhéadaithe in 2018;
  • Tabharfar maoiniú os cionn €20m do Fís Éireann in 2019 - méadú €2m nó 11% chun an Plean Gníomhaíochta Closamhairc a chur i bhfeidhm.
  • Tá maoiniú de €6m á thabhairt do Chathair Chultúir na hEorpa - Gaillimh 2020.
  • Tá maoiniú reatha breise ar fiú os cionn €2m é á thabhairt do na Forais Chultúrtha Náisiúnta (FCNanna).
  • Tabharfar maoiniú de €6.15m do Éire Ildánach - méadú de €1.15m chun tacaíocht a thabhairt do na Foirne Cultúir agus Cruthaitheachta a bunaíodh i ngach údarás áitiúil agus chun leanúint le cur i bhfeidhm Óige Ildánach den chuid is mó.
  • Gheobhaidh Cultúr Éireann leithdháileadh méadaithe de €4.1m, a chuimseoidh maoiniú chun Ambasadóirí Cultúir a chruthú i láithreacha tábhachtacha ar fud an domhain chur cur le lorg cultúrtha na hÉireann.
  • €250k sa bhreis le haghaidh Deich mBliana na gCuimhneachán i gcomhair ócáidí comórtha (lena n-áirítear sparánachtaí nua Markievicz d’ealaíontóirí agus scríbhneoirí mná).
  • €3.25m i maoiniú caipitil le haghaidh forbairt chultúrtha agus infreastruchtúr cultúrtha.

Oidhreacht (lena n-áirítear Uiscebhealaí)

  • Is ionann iomlán an mhaoinithe d’earnáil na hOidhreachta Tógtha agus Nádúrtha in 2019 agus €54.3m - méadú os cionn €7.1m nó 15% ar 2018 - agus cuimsíonn an tsuim sin soláthar breise caipitil de €6m (méadú 43%) ar 2018, rud a chiallaíon gurb é €15.6m leithdháileadh 2019, mar aon le maoiniú reatha breise de nach mór €2m. I measc na bpríomhréimsí ina mbainfear tairbhe as an méid sin tá:
  • Tuilleadh infheistíochta sna seirbhísí do chuairteoirí agus sna conairí inár bPáirceanna Náisiúnta agus cuirfear leis na tréimhsí oscailte séasúracha sna páirceanna náisiúnta agus sna hanaclanna náisiúnta, rud a chuirfidh feabhas ar an tairbhe atá le baint ag cuairteoirí astu.
  • Cur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Náisiúnta.
  • €200K don Chomhairle Oidhreachta le haghaidh Oidhreacht i Scoileanna (níos mó ná figiúr na bliana seo) agus chun cur ar chumas na Comhairle dul chun cinn a dhéanamh san obair chun scéim a fhorbairt do mheánscoileanna.
  • Os cionn 520 tionscadal athchóirithe an bhliain seo chugainn.
  • Tacaíocht bhreise d’Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann i mBéal na mBuillí i Ros Comáin agus Teach Fota i gCorcaigh.
  • An chéad chéim eile d’Fhardal Náisiúnta na hOidhreachta Ailtireachta i nDún Laoghaire.
  • Tairseach léirmhíniúcháin do na Séadchomharthaí Náisiúnta a aimsíodh i gContae na Mí le linn an tsamhraidh.
  • Sraith comhairle maidir le scileanna traidisiúnta tógála a leathadh amach.

I dteannta an mhéid sin, cuirfear €1m leis an maoiniú a thugann an Roinn i dtreo Uiscebhealaí Éireann, rud a fhágann gur maoiniú os cionn €25m a bheidh i gceist.

An Ghaeltacht (An Foras Teanga san áireamh)

Is ionann iomlán an mhaoinithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin don bhliain 2019 agus níos mó ná €54m. Nuair a chuirtear leithdháileadh an Fhorais Teanga san áireamh, is ionann an maoiniú iomlán agus €67.5m - méadú €5m nó 8% ar leithdháiltí 2018.

  • €600k sa bhreis chun tacú le cur i bhfeidhm an Phróisis Pleanála Teanga dá ndéantar foráil in Acht na Gaeltachta 2012;
  • Gheobhaidh Údarás na Gaeltachta €1.5m sa bhreis chun infheistíocht a dhéanamh i gcothabháil agus i gcruthú post i gceantair Ghaeltachta, rud a fhágann gurb é €8.5m (méadú 21% ar 2018) an leithdháileadh iomlán caipitil, agus tabharfar €0.5m sa bhreis i maoiniú reatha freisin chun tacú le comharchumainn agus eagraíochtaí forbartha pobail sa Ghaeltacht den chuid is mó.
  • Leithdháileadh breise de €500k do Scéimeanna Tacaíochta Gaeltachta na Roinne chun tacú tuilleadh le Próiseas Pleanála Teanga na Gaeltachta.
  • Leithdháileadh breise de €580k do Scéimeanna Tacaíochta Teanga na Roinne lasmuigh den Ghaeltacht chun scoláireachtaí Gaeltachta a chur ar fáil do dhaltaí ó scoileanna DEIS agus chun dul chun cinn a dhéanamh i ndáil le líonra Ionad Gaeilge agus Cultúir a fhorbairt ar fud na tíre.
  • Leithdháileadh breise de €1m chun forbairt a dhéanamh ar infreastruchtúr na gcuan a fhreastalaíonn ar Oileáin Árainn agus ar Thoraigh.
  • Leithdháileadh breise de €500k chun seirbhísí riachtanacha iompair a sholáthar chuig na hoileáin.

Bhí an méid seo le rá ag an Aire Madigan roimh an seisiún faisnéise do na meáin chun sonraí a thabhairt maidir le leithdháileadh Cháinaisnéis 2019 dá Roinn:

Is léir ón bpacáiste iomlán atá faighte agam i gCáinaisnéis 2019 go bhfuil an Rialtas seo tiomanta do mhaoiniú atá á mhéadú de réir a chéile a chur ar fáil don chultúr, don oidhreacht agus don Ghaeltacht, agus beidh sé mar thoradh deiridh air seo go dtabharfar dhá oiread an mhaoinithe chéanna ina leith faoi 2025. Go háirithe, cuirfidh an méadú suntasach ar mhaoiniú caipitil ar chumas mo Roinne tosú ar an obair chun forbairt a dhéanamh ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus chruthaitheach faoi Thionscadal Éireann 2040.

Agus é ag tabhairt sonraí maidir leis an infheistíocht mhéadaithe don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do phobail na nOileán, dúirt an tAire Stáit McHugh:

Rachaidh an infheistíocht mhéadaithe seo de €67.5m don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin in 2019, i bhfeidhm go mór ar phobail Ghaeltachta, go háirithe, mar go bhfuil an chuid is mó den leithdháileadh á tabhairt do chruthú post, forbairt pobail agus pleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus fosta d’fhorbairt na gcuan agus na seirbhísí iompair a bhaineann leis na hoileáin Ghaeltachta. Fáiltím roimh an bhéim seo atá á leagan ar an Ghaeltacht agus táim ag tnúth le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin sa bhliain atá amach romhainn.